Sa rannóg seo, tugtar eolas ar cheisteanna agus ar bhuntáistí a bhaineann le hoideachas lán-Ghaeilge. Tugtar eolas ábhartha freisin ó thaobh coistí tuismitheoirí, conas dúshlán ar scoil a réiteach agus cén obair a dhéanann eagraíochtaí eile san oideachas.
Léigh ár mbileog eolais do thuismitheoirí anseo.
I scoil lán Ghaeilge tá an Ghaeilge:
Úsáideann ár scoileanna an Córas Tumoideachais. Ciallaíonn sé seo go bhfuil daltaí tumtha sa Ghaeilge óna gcéad lá ar scoil. Ní labhróidh an múinteoir ach Gaeilge leo ón tús.
Is cuid de Chód Iompar na Scoile é labhairt na Gaeilge. Moladh agus mealladh na modhanna is fábhartha an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil trí úsáíd stráitéisí ar nós moladh, duaiseanna, comórtais srl. Beidh cumarsáid leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, An Roinn Sláinte, An Comhairle Contae agus na rannóga Stát eile as Gaeilge. Feidhmeoidh an Bord Bainistíochta trí Ghaeilge.