
An Bord Bainistíochta
Tá an Foras Pátrúnachta freagrach as ceapacháin Boird Bainistíochta na scoileanna. Is é príomhfheidhm an Bhoird Bainistíochta ná an scoil a bhainistiú ar son an phatrúin ar mhaithe leis na daltaí agus leis na tuismitheoirí agus chun cinntiú go gcuirfear oideachas cuí ar fáil do gach dalta, a bhfuil an Bord Bainistíochta freagrach as.
Príomhfheidhmeanna an Bhoird Bainistíochta:
An scoil a bhainistiú agus oideachas cuí a chur ar fáil do gach dalta
Feidhmiú de réir na reachtaíochta agus polasaithe
Éiteas/ Spiorad sainiúil na scoile a chosaint
Eolas agus comhairle a lorg ón bpatrún agus iontaobhaithe
A bheith freagrach don scoil agus airgead a úsáid go héifeachtach
Cuid de na dualgais eile:
Beidh an Bord freagrach don Phátrún as spiorad sainiúil na scoile a chosaint
Rachaidh sé i gcomhairle leis an bPátrún maidir le cinntí agus tograí de chuid an Bhoird
Beidh an Bord freagrach don Phátrún maidir le húsáid acmhainní na scoile agus as cuntais a sholáthar
Beidh an Bord freagrach as tuairisciú don Phátrún maidir le dul chun cinn an Bhoird agus na scoile
Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinnte go bhforbraítear plean scoile i gcomhairle lena páirtithe leasmhara, an Pátrún san áireamh
Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinnte go leantar na nósanna agus na cleachtais chuí maidir le fostú agus ceapachán i gcomhair leis an bPátrún
I riaradh na scoile, comhlíonfaidh an Bord Bainistíochta a dhualgais maidir le comhairliúchán agus cumarsáid le pobal na scoile,
tuismitheoirí san áireamh
Back to Top