Treoir chun Foireann a Bhunú nó Athbhreithniú a dhéanamh ar an bhFoireann Reatha (2021)
Tabharfaidh na Treoirlínte seo cúnamh do scoileanna agus iad ag búnú, ag forbairt nó ag déanamh athbhreithnithe ar a gcuid Foirne Tacaíochta do Scoláirí. Cuireann na Treoirlínte meán ar fáil lenar féidir comhordú agus pleanáil a dhéanamh ar na tacaíochtaí iomadúla atá ann cheana féin do scoláirí agus atá á gcur ar fáil ag scoileanna. Sna hiarrachtaí a dhéantar chun treoir a thabhairt do scoláirí le linn na paindéime Covid19, ní raibh ról na Foirne Tacaíochta do Scoláirí riamh chomh tábhachtach agus atá anois.