04.06.2014 Foirgneamh nua do Ghaelscoil Éadan Doire beagnach réidh!

An Foras Pátrúnachta / Nuacht ó Scoileanna / 04.06.2014 Foirgneamh nua do Ghaelscoil Éadan Doire beagnach réidh!

obair thógála

Beidh Gaelscoil Éadan Doire ag bogadh isteach ina bhfoirgneamh scoile nua i mí Mheán Fómhair seo chugainn. Tá an obair ar an bhfoirgneamh nua beagnach críochnaithe.

Tá pobal na scoile ag súil go mór le bogadh isteach san fhoirgneamh nua:

“Tá áthas an domhain orainn go bhfuil an obair tosaithe agus go mbeidh an scoil nua réidh dúinn don chéad lá i mí Meán Fómhair 2014,”arsa urlabhraí na scoile.

Thosaigh Gaelscoil Éadan Doire amach i mí Mheán Fómhair 2008 le 21 dalta.

Tá pobal na scoile ag obair go dian le breis agus cúig bliana anuas agus anois, tá 109 páiste ag freastal ar an scoil.

Tuilleadh eolais: www.gseadandoire.ie