Gníomhartha maidir leis an bhFoireann:
1. Iarr ar gach ball foirne an Fhoirm um Fhilleadh ar Obair nuashonraithe a chomhlánú
2. Cuir Nóta Faisnéise 005/2021 agus Nóta Faisnéise 006/2021 ar fáil don fhoireann (tá leagan Gaeilge iarrtha againn ón Roinn)
3. Faigh amach cé na baill foirne a bheidh ag baint leasa as socruithe saoire
4. Déan teagmháil le Príomhionadaí na nOibrithe agus cuir i gcuimhne dó/di a bheith ar fáil don fhoireann.
5. Meabhraigh don fhoireann ábhar Cuid 5 den Phlean Freagartha do COVID nuashonraithe a léamh
6. Cuir Treoir HSPC nuashonraithe ar fáil don fhoireann
7. Iarr ar bhaill foirne iad féin a chur ar an eolas maidir le hOiliúint ábhartha
8. Tabhair eolas don fhoireann faoi acmhainní folláine nuashonraithe do mhúinteoirí an ROS: Bunscoil / Meánscoil
9. Tabhair sonraí teagmhála EAS do mhúinteoirí.
Gníomhartha maidir le Daltaí agus Tuismitheoirí:
10. Tabhair eolas do thuismitheoirí maidir leis na socruithe um fhilleadh ar scoil don 1 Márta 2021
11. Cuir in iúl do thuismitheoirí go mbeidh Foirm um Fhilleadh ar Oideachas ag teastáil do gach dalta atá ag filleadh
12. Meabhraigh do thuismitheoirí ábhar Cuid 5 den Phlean Freagartha do COVID nuashonraithe na scoile
13. Cuir in iúl do thuismitheoirí gur chóir cumarsáid leis an scoil a dhéanamh ar an bhfón nó ar líne amháin
14. Cuir i gcuimhne do thuismitheoirí cloí le treoirlínte sláinte poiblí agus gan bailiú le chéile ag an scoil
15. Tabhair eolas do thuismitheoirí faoi na hacmhainní folláine nuashonraithe ROS do thuismitheoirí
Gníomhartha Boird Bainistíochta agus Bainistíochta Scoile:
16. Athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreatphlean maidir le filleadh céimnithe ar Bhunoideachas
17. Athbhreithniú a dhéanamh ar Achoimre ar na breiseanna riachtanacha ar Phlean Freagartha COVID-19 na scoile
18. An Plean Freagartha COVID-19 nuashonraithe a ghlacadh.
19. Athbhreithniú a dhéanamh ar theimpléad measúnaithe riosca na scoile maidir le COVID-19
20. Athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir nuashonraithe HSPC.
21. Athbhreithniú a dhéanamh ar na Treoirlínte Aerála nuashonraithe
22. A chinntiú go bhfuil dóthain soláthairtí TCP ar fáil don fhoireann. Ba chóir do scoileanna maisc ghrád leighis catagóir EN16483 a sholáthar do gach CRS, Múinteoir Oideachais Speisialta agus Coimhdeachtaí Bus.
23. Téigh i dteagmháil le covid19_alert@education.gov.ie maidir le maoiniú nó le faisnéis TCP breise
24. Cinntigh go gcuirtear an córas glantacháin atá leagtha amach i gCuid 7 agus in Aguisín 9 den Phlean Freagartha COVID19 nuashonraithe i bhfeidhm.
25. Cinntigh go gcuirtear seicliostaí ar fáil do Ghlantóirí de réir an Phlean Freagartha COVID-19 nuashonraithe
Uimhreacha Teagmhála Úsáideacha:
26. Líne Thiomnaithe do Phríomhoidí: (01) 2408785.
27. FSS LIVE: 1850 24 1850.
28. Uimhreacha teagmhála Réigiúnacha Sláinte Poiblí (mar atá roinnte le scoileanna cheana)
29. Líne tiomnaithe NCSE do Phríomhoidí: (01) 6023233
30. AFP 01 6294110 agus caoimhin@foras.ie, cormac@foras.ie, tomas@foras.ie