Tá daltaí ó Ghaelscoil Bhun Cranncha le feiceáil i gceann d’fhíseáin Chris Hadfield, físeáin ina gcuireann sé Éirinn chun cinn.
Thug Hadfield, a bhí ina cheannasaí ar an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta, cuairt ar an scoil i mí Eanáir 2014 chun cúpla focal a fhoghlaim ó na páistí.
Le linn a chuairte ar Éirinn, d’aontaigh Hadfield go n-oibreodh sé go deonach le Turasóireacht Éireann chun an tír a chur chun cinn.
D’oibrigh Hadfield ar shraith d’fhíseán a dhíríonn ar leithinis Inis Eoghain, iománaíocht, ar Titanic Belfast agus ar an Guinness Storehouse.
Cuirfear na físeáin chun cinn ar an suíomh idirlín atá ag Turasóireacht Éireann, www.ireland.com