29/9/14 Deireadh Seachtaine Eachtraíochtaí do Theaghlaigh

An Foras Pátrúnachta / Fógraí Tábhachtacha / 29/9/14 Deireadh Seachtaine Eachtraíochtaí do Theaghlaigh

kippure CROPPED

 

Tá deireadh seachtaine eachtraíochtaí á eagrú ag Glór na nGael do theaghlaigh Ghaeilge don Samhain.

Beidh an t-imeacht ar siúl in Ionad Eachtraíochta Chip Iúir i gCill Mhantain ar 31 Deireadh Fómhair agus 1 Samhain 2014. Tá Ionad Eachtraíochta Chip Iúir lonnaithe i sléibhte Chill Mhantáin 30 nóiméad ón  M50/Támhlacht agus 50 nóiméad ó lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá 240 acra talún ag an eastát faoi dhuilliúir agus aitinn agus beidh rianóireacht agus cuichí foirne mar chuid den deireadh seachtaine. Cosnóidh an t-imeacht – oíche amháin agus lá – €50 an duine ach beidh Glór na nGael ábalta lacáiste a thabhairt ag laghdú an costas go €30. Beidh de rogha ag teaghlaigh fanacht don dara oíche ar a gcostas féin ar €35 eile leaba agus bricfeasta.

Tá Glór na nGael ag iarraidh ar theaghlaigh ar suim leo páirt a ghlacadh san imeacht seo scéal a chur chucu roimh deireadh Mhí Mheán an Fhómhair.Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Ghlór na nGael ag marcas@glornangael.ie nó ar ghuthán ag +353 86 171 9755.