Tá obair ar bun lenár scoileanna ilchreidmheacha chun forbairt a dhéanamh ar an gclár Croí na Scoile. Tá clár tacaíochta ar fáil do scoileanna ilchreidmheacha “óga” chomh maith chun tacú leo agus iad ag cur tús leis an gcur i bhfeidhm sa scoil.
Gné eile a bhaineann leis an bpost ná athchumrú scoileanna, ag teacht le feachtas na Roinne chun ard a dhíriú ar oideachas ilchreidmheach i scoileanna ar fud na tíre. Roinnfimid tuilleadh eolais agus rachaimid i gcomhairle lenár scoileanna maidir leis an ábhar seo i rith na bliana.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Sorcha ag sorcha@foras.ie má bhíonn tuilleadh eolais de dhíth nó más mian leat páirt a ghlacadh sa mheitheal forbartha don chlár Croí na Scoile.