Scléip Gael Linn 2018 – Craobhchomórtas, Dé Céadaoin, 31 Eanáir 2018
Beidh craobhchomórtas Scléip Gael Linn 2018 ar siúl in amharclann Clasach, Cluain Tarbh ( www.clasac.ie ) Dé Céadaoin, 31 Eanáir 2018. Beidh os cionn 300 aisteoirí, ceoltóirí, rinceoirí agus amhránaithe ó iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ó Dhún na nGall go dtí Daingean Uí Chúise, mar aon lena gcuid múinteoirí agus tuismitheoirí, i láthair. Tá clár na hócáide faoi iamh, mar eolas daoibh – beimid ag cur tús leis na comórtais ag 11.00a.m. – beidh dhá halla in úsáid againn do na comórtais i rith an lae, agus táimid ag súil go mbeadh críoch le cúrsaí c.3.45.m., uair a bhronnfar na duaiseanna. Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Cuirtear béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe( www.gael-linn.ie/Scleip ) Tá comórtas Scléip á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge.
Bhí ceithre réamhbhabhta réigiúnacha ar siúl ag i rith mhí na Samhna/mí na Nollag –i Muineachán, i nGaillimh, i mBaile Átha Cliath agus i Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí, ag a roghnaíodh na hiomaitheoirí don chraobhchomórtas. I measc na moltóirí a bheidh ann ar an lá mór, beidh an léiritheoir drámaí, Síle Ní Dhuibhne, an damhsóir, Máire Uí Mhurchú, agus na ceoltóirí agus cumadóirí, Enda Reilly agus Pádraig Ó Conghaile ( nó MC Muipéad )! Bronnfar duaiseanna ar na buaiteoirí i ngach rannóg agus Gradam Scléip ar an amhránaí/ceoltóir aonair nó ar an ngrúpa is mó a sheasann amach as na buaiteoirí uilig sna comórtais ceoil/amhránaíochta . Bronnfar duais Gradam Cheoil Nós, chomh maith, don amhrán nua-chumtha is fearr sna comórtais amhránaíochta, canta ag duine aonair nó ag grúpa. Is í Niamh Ní Chróinín, Raidió Rí Rá, a bheidh mar láithreoir ar an ócáid. Táimid ag súil le han-lá …agus beidh fáilte mhór roimh lucht féachana !