Comórtas Ealaíne an Fhorais Phátrúnachta urraithe ag O2

An Foras Pátrúnachta / Fógraí Tábhachtacha / Comórtas Ealaíne an Fhorais Phátrúnachta urraithe ag O2

A4 poster.indd

Is cúis áthais é dúinn Comórtas Ealaíne do Bhunscoileanna agus do Mheánscoileanna a fhógairt.

Tá an comórtas seo urraithe ag O2 agus tá duaiseanna den scoth le buachan – fóin chliste (Nokia Lumia 520) chomh maith le ciseacha atá lán le cluichí, le dearbháin agus eile!

Is é ‘Mise, mo scoil agus an Ghaeilge’ téama an chomórtais agus is é Dé hAoine 14 Feabhra an sprioc d’iontrálacha.

Bronnfar duais ar dhuine amháin ó gach catagóir. Seo na catagóirí:

  • Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha

  • Ranganna 1 – 3

  • Ranganna 4 – 6

  • Daltaí Meánscoile

  • Daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu (aois ar bith)
  • Ba cheart don scoil an pictiúr is fearr ó gach rannóg a roghnú agus a chur ar aghaidh chuig an bhForas Pátrúnachta.

    Fógrófar na buaiteoirí ag Comhdháil an Fhorais a bheidh ar siúl i Moran’s Red Cow Hotel ar an Satharn 1 Márta 2014.

    Is féidir leat na rialacha a íoslódáil anseo.

    Ádh mór oraibh!