Ceilúradh mór ag Gaelscoil Eiscir Riada

An Foras Pátrúnachta / Nuacht ó Scoileanna / Ceilúradh mór ag Gaelscoil Eiscir Riada

Oscailt - Gaelscoil Eiscir Riada 2 edited bernard

Bhí ceiliúradh mór ar siúl i nGaelscoil Eiscir Riada, Leamhcán le gairid. Osclaíodh foirgneamh nua na scoile go hoifigiúil.

Bhí Bernard Dunne, dornálaí mór le rá agus Gaeilgeoir paiseanta, i láthair chun an ribín dearg a ghearradh. Labhair sé le tuismitheoirí agus le cairde na scoile maidir le tábhacht na teanga. Dar le Bernard, más féidir le duine mar é – a fuair an méid sin buille sa cheann – Gaeilge a fhoghlaim, ba chóir go mbeadh aon duine in ann é a dhéanamh!

Bunaíodh Gaelscoil Eiscir Riada in 2005. Thosaigh an scoil amach le 26 dalta. Tá 430 dalta ag freastal uirthi i mbliana.
Chuir grúpa ó gach rang mír i láthair don lucht féachana agus bhí an deis ag tuismitheoirí nach raibh in ann a bheith i láthair, breathnú ar an ócáid beo ar líne.

Oscailt - Gaelscoil Eiscir Riada 1 edited guitars

Chuir cór na scoile críoch leis an oscailt. Chan siad amhráin ó Adele agus Bruno Mars trí mheán na Gaeilge. Bhí cóisir mhór sa halla ina dhiaidh sin agus tugadh an deis do thuismitheoirí breathnú ar na seomraí éagsúla agus ar obair na bpáistí.

Dar le príomhoide na scoile, Damhnait Uí Ruairc, cheap na daltaí gurb é an lá scoile is fearr riamh!

Tá tuilleadh eolais faoi Ghaelscoil Eiscir Riada ar fáil ag www.gser.ie

Oscailt - Gaelscoil Eiscir Riada 3 edited slua