Preas Ráitis

An Foras Pátrúnachta / Archive by category "Preas Ráitis"

04/03/15 Rath mór ar Chomhdháil an Fhorais Phátrúnachta 2015

Bhí rath mór ar Chomhdháil an Fhorais Phátrúnachta 2015 a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath ar an Satharn. 

 

Chuir An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, tús spreagúil leis an ócáid le píosa cainte faoi chearta teanga na nGaelscoileanna.

 

Ba é ‘Gaeloideachas do Chách’ téama na comhdhála i mbliana. Pléadh topaicí éagsúla ar an lá; airgeadas scoile, cosaint sonraí agus éiteas scoile. Bhí príomhoidí scoile, baill de bhoird bhainistíochta, ionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge agus ó eagraíochtaí oideachais mar chuid den lucht freastail. Chuir ceoltóirí ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ceol den scoth ar fáil chomh maith.

 

Fógraíodh buaiteoirí Chomórtas Ealaíne an Fhorais Phátrúnachta, comórtas atá urraithe i mbliana ag Foras na Gaeilge. Bhí caighdeán na n-iontrálacha an-ard agus tá duaiseanna iontacha buaite ag na daltaí rathúla – táibléid, fón póca agus Wii san áireamh.

 

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí An Foras Pátrúnachta: ““Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt i gcomhdháil agus i gcruinniú cinn bhliana na bliana seo.

 

“Bhí slua breá i láthair le haoichainteoirí den scoth agus is léir ón aiseolas atá faighte againn gur bhain gach ar tháinig a lán tairbhe as an méid a bhí pléite.”

Caoimhín Ó hEaghra & Rónán Ó Domhnaill - Bronnadh don Choimisinéir Teanga CCB 2015

Caoimhín Ó hEaghra, Ard Runaí An Foras Pátrúnachta, & Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga. 


04/02/15 Ráiteas maidir leis an gComhdháil

Beidh Comhdháil an Fhorais Phátrúnachta ar siúl i mbliana ar an 28 Feabhra 2015 sa Red Cow Moran Hotel i mBaile Átha Cliath. Is é ‘Gaeloideachas do Chách’ téama na comhdhála.  

 

Pléifear topaicí éagsúla ar an lá; airgeadas scoile, cosaint sonraí agus éiteas scoile. Beidh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, i láthair mar aoi speisialta. Pléifidh an Coimisinéir an ról lárnach atá ag scoileanna i gcearta teanga a chosaint. “Tugann an comhdháil seo deis ar leith domsa labhairt le h-oideachasóirí chun míniú a thabhairt dóibh ar mo ról, agus an chosaint a thugtar do chearta teanga i reachtaíocht na tíre, an tAcht Oideachais 1998 san áireamh.  Tá sé tábhachtach go mbeadh tuiscint mhaith ag Boird Bainistíochta scoileanna agus go deimhin ag múinteoirí na tíre ar chúrsaí cearta teanga.” a dúirt an Coimisinéir.

 

Beidh seastáin éagsúla ann ar an lá agus freisin fógrófar buaiteoirí Comórtas Ealaíne an Fhorais Phátrúnachta, atá urraithe i mbliana ag Foras na Gaeilge.

 

Dúirt Caoimhín  Ó hEaghra , Ard Rúnaí An Foras Pátrúnachta: “ Tá an obair á dhéanamh ag scoileanna An Fhorais Phátrúnachta ag cur oideachas den scoth ar fáil dá ndaltaí. Sa chúlra i ngach scoil bíonn na Boird Bhainistíochta ag cinntiú gur féidir leis na scoileanna feidhmiú chomh maith agus gur féidir leo. Tríd an chomhdháil seo cuirtear eolas agus oiliúint ar fáil do na Boird chun an tacaíocht sin a thabhairt dá scoileanna. I mbliana beidh aoi-chainteoirí againn ag plé Cosaint Sonraí, Bainistiú Airgid agus Soláthar do Scoileanna i measca a lán eile. Cuireann sé ríméad ar leith orainn go bhfuil an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill,  ag teacht chun labhairt lenár mbaill mar gheall ar a gcearta i leith na Gaeilge mar a bhaineann sé le scoileanna”.

 

 

Is €35 an costas atá ar thicéad, soláistí san áireamh don chomhdháil. Cuirfear dinnéar ar fáil do gach comhalta ag am lóin. Beidh Cruinniú Cinn Bhliana An Foras Pátrúnachta ar an 27ú Feabhra in Óstán an Red Cow ag 7.00in.

 

 

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:

 

Is é AN FORAS PÁTRÚNACHTA an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 62 bunscoil agus 5 mheánscoil faoina phátrúnacht. Tá AN FORAS PÁTRÚNACHTA ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu. An fhís atá ag AN FORAS PÁTRÚNACHTA ná oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír. Tá AN FORAS PÁTRÚNACHTA aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna mar chóras pátrúnachta atá inghlactha agus cuí do scoileanna ag an gcéad agus an dara leibhéal. Bunaíodh AN FORAS PÁTRÚNACHTA sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht.

 

Tuilleadh eolais:

Caoimhín Ó hEaghra, An Foras Pátrúnachta :: caoimhin@foras.ie :: 01-6294110 :: www.foras.ie

 

Postáilte faoi Preas Ráitis


Ráiteas maidir leis an Dréacht-Bhille do Ligean Isteach ar Scoil

Cuireann An Foras Pátrúnachta, an patrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge, fáilte roimh an dréacht-Bhille maidir le rollachán scoile atá foilsithe ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn.

D’fhoilsigh an tAire Quinn an Dréacht-Bhille do Ligean Isteach ar Scoil an 2 Meán Fómhair 2013.

Is cúis áthais don Fhoras Pátrúnachta:

  • nach mbeidh bac ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do theaghlaigh lán-Ghaeilge
  • nach mbeidh bac ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí ó Ghaelscoileanna atá ina scoileanna friothálacha.
  • Creideann An Foras Pátrúnachta go dteastaíonn soiléiriú ar cén chaoi a n-oibreoidh an córas nua go praiticiúil. I gcásanna ina bhfuil ró-éileamh ar áiteanna, cuireann roinnt Gaelscoileanna iarrthóirí faoi agallamh chun a gcumas teanga a thomhais. Mura bhfuil an rogha seo ar fáil dóibh caithfear a theacht ar bhealach eile chun deimhniúchán a dhéanamh.

    “Mar eagraíocht a bunaíodh chun freastal ar mhianta thuismitheoirí agus chun rogha agus cothrom na Féinne a thabhairt dóibh, tá An Foras Pátrúnachta sásta go bhfuil dréacht-Bhille tagtha amach a chabhróidh leis sin,” arsa Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta.

    “Fáiltítear go bhfuil aitheantas tugtha do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge agus an gá atá ann freastal orthu. Beidh An Foras Pátrúnachta ag glacadh páirte sa phróiseas atá ag teacht aníos chun aimsiú conas a fheidhmeoimid é seo go praiticiúil.”

    Faoin rialachán nua:

  • Ní ligfí do scoileanna iarratais ar ligean isteach a ghlacadh roimh 1ú Deireadh Fómhair na bliana roimh bhliain an rollaithe
  • Bheadh sé ar chumas an Aire a rialú nach ceadaithe táillí iontrála ar bith a iarraidh nó a ghearradh mar choinníoll le hiarratas a dhéanamh ar ligean isteach ar scoil.
  • Ní bheadh scoileanna in ann agallaimh a chur ar thuismitheoirí agus páistí roimh an rollú.
  • Áit gur féidir le scoileanna a chruthú go bhfuil liostaí feithimh ar bun acu, is féidir, de mhaolú air sin, ligint dóibh na liostaí sin a ghlanadh thar thréimhse roinnt blianta.
  • Ligfear do scoileanna tús áite a thabhairt d’iarratasóir gur siblín é/í le mac léinn nó iarmhac léinn de chuid na scoile.
  • Déileálfar le hachomhairc ag leibhéal na scoile.
  • Is féidir na cáipéisí seo a íoslódáil:

  • Draft-General-Scheme-of-an-Education-Admission-to-Schools-Bill-2013
  • Draft-Regulations-on-Admission-Process-entitled-Education-Acts-1998-and-2013-Procedures-and-Timelines
  • Draft-Regulations-Content-of-Policy-entitled-Education-Acts-1998-and-2013-Admission-Policies-of-Schools-and-Related-Matters-Regulations-2013

  • Trí Ghaelscoil nua oscailte ag an bhForas Pátrúnachta

    Chuir na príomhoidí ar trí Ghaelscoil nua atá faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta, fáilte roimh a gcéad daltaí ar an 29 Lúnasa.

    Is scoileanna Ilchreidmheacha iad Gaelscoil na Giúise i dTeach na Giúise, Gaelscoil Shliabh Rua sa Chéim agus Gaelscoil Mhic Aodha i mBaile Chill Dara. Tosóidh siad amach le naíonáin bheaga amháin i mbliana. Creidtear go dtiocfaidh fás agus forbairt ar na Gaelscoileanna nua seo go tapaidh.

    I mí an Mhárta 2012, d’aithin an Roinn Oideachais an t-éileamh ar Ghaeloideachais sna ceantair seo agus fógraíodh go n-osclófaí Gaelscoil faoi phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachta iontu. Tá na hullmhúcháin do na scoileanna nua seo ar bun ó shin agus tá na príomhoidí nua ar bís faoin mbliain atá rompu.

    “Léiríonn bunú na scoileanna nua seo an t-éileamh atá ar scoileanna lán-Ghaeilge atá Ilchreidmheach agus ilchultúrtha,” arsa Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta.

    “Cuireann sé ríméad ar an bhForas Pátrúnachta a bheith in ann freastal ar na tuismitheoirí agus ar na daltaí seo trí scoileanna agus oideachas den scoth a sholáthar. Cinntíonn scoileanna an Fhorais fás, forbairt agus leathnú na teanga ní hamháin i measc daltaí agus pobal na scoile ach i measc pobal iomlán an cheantair.”

    Tá Fionnuala Ní Riain (thíos ar chlé), príomhoide ar Ghaelscoil na Giúise, ag súil le ré nua Ghaeilge a chothú i dTeach na Giúise.

    Gaelscoil na Giúise

    Dar le Conchúr Ó Raghallaigh (thíos ar chlé), príomhoide Ghaelscoil Shliabh Rua, tá an tsuim sa Ghaeilge agus sa chultúr sa Chéim ag méadú.

    “Is é Gaelscoil Shliabh Rua an dara Gaelscoil i mBaile Átha Cliath 18,” a dúirt sé. “Táim ag súil le bheith ag obair le Gaelscoil Thaobh na Coille chun an grá don teanga atá sa cheantar seo a fhorbairt tuilleadh.”

    Gaelscoil Shliabh Rua

    Tá Norma Ní Chonchúir, príomhoide Ghaelscoil Mhic Aodha, an-bhródúil as an éacht atá bainte amach ag pobal na scoile i mBaile Chill Dara cheana féin.

    “Tá tuismitheoirí na scoile tar éis an-tacaíocht a thabhairt dom. Tá éide scoile álainn socraithe acu agus suaitheantas na scoile deartha acu. Táimid ag súil go mór leis an mbliain atá romhainn.”

    Gaelscoil Mhic Aodha Céad lá


    Tacaíocht á lorg ag an bhForas Pátrúnachta do Ghaelscoil nua i nDumhach Trá/An Rinn

    Tacaigh linn

    Reáchtálfaidh An Foras Pátrúnachta agus Gaelscoileanna Teo. oíche eolais do thuismitheoirí ar an 5 Meitheamh 2013 ag 7pm in Ionad Pobail na Rinne, Baile Átha Cliath 4.

    Tá sé fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go mbeidh bunscoil nua le hoscailt i gceantar Dumhach Trá/An Rinn i Meán Fómhair 2014. Is é An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge. Tá an Foras Pátrúnachta ag iarraidh freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge sa cheantar seo agus chuige sin, tá sé ag déanamh iarratais ar phátrúnacht na scoile nua. Teastaíonn tacaíocht an phobail áfach.