Faigh thíos clár oiliúna 2022 do bhord bainistíochta na scoile.
Clúdófar ábhair ar nós cúrsaí dlí, cosaint sonraí, airgeadais agus earcaíocht.
Tapaígí an deis anois! Cláraígí ag na naisc Zoom thíos.
28 Aib 2022, 3:00 i.n. | Conas tacú le daltaí trasinscneacha |
12 Beal 2022, 7:00 i.n. | Cláraigh anseo: Cosaint Leanaí Cuid 2 |
19 Beal 2022, 7:00 i.n. | Cláraigh anseo: Cúrsaí Dlí – Polasaí Iontrála |
26 Beal 2022, 7:00 i.n. | Cláraigh anseo: An Bord Mar Aonán Corparáideach |
Fiosrúcháin | tomas@foras.ie |
01-2150190 | |
Postáilte faoi Boird Bhainistíochta, Imeachtaí, Nuacht, Oiliúint
D’éirigh go hiontach leis na seisiúin oiliúna ar-líne a reáchtálamar sa dara leath den scoilbhliain anuraidh. Is léir ón tinreamh gur oir an formáid ar-líne do chuid mhór daoine. Tá athstruchtúrú tar éis teacht ar an mbealach a sheachadfar na seisiúin oiliúna as seo amach agus cé nach gcuirfear deireadh iomlán le seisiún bheo in ionad oideachais/óstáin, beimid ag bogadh i dtreo ardán fíorúil. Chuige sin tá deontas faighte ag na heagraíochta bainistíochta chun an t-aistriú sin a fhorbairt agus beimid ag obair ar an bhforbairt sin idir anois angus an Nollaig. I measc na rudaí a bhfuilimid ag breathnú orthu tá cartlann físeán a chruthú dár suíomh idirlín a ligfidh do bhoird bhainistíochta gnéithe áirithe oiliúna gearra a thaispeáint ag cruinnithe boird. Beidh amchlár na seisiún oiliúna do 2022 seolta roimh Nollaig.
Meabhraímid daoibh go bhfuil se tábhachtach do gach ball boird oiliúint a fháil ar na modúil riachtanacha ní amháin an príomhoide agus an cathaoirleach. Is í an oiliúint an príomhchosaint ar fhadhbanna!
Seo a leanas na dátaí:
Déardaoin an 7 Deireadh Fómhair 7.00 i.n. Cúrsaí Dlí 1
Déardaoin an 21 Deireadh Fómhair 7.00 i.n. Cúrsaí Dlí 2
Déardaoin an 4 Samhain 7.00 i.n. Cúrsaí Dlí 3
Déardaoin an 18 Samhain 7.00 i.n. Cúrsaí Dlí 3
Tá áthas ar AFP a fhógairt go mbeidh na cúrsaí Gramadaí (TEG) á reáchtáil arís i mbliana i lár mhí Dheireadh Fómhair. Is cúrsaí go príomha ar líne ata i gceist ach leis an bhféidearthacht seimineáir lae beo a reáchtáil má ligeann srianta COVID dúinn é a dhéanamh.
Ag braith ar éileamh, reáchtálfar Cúrsa B1 (oiriúnach do bhaill bhoird atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus do rúnaithe, CRSanna, Feighlithe srl), Cúrsa B2 agus den chéad uair cúrsa Ardchruinnis. Beidh an Cúrsa Ardchruinnis oiriúnach dóibh siúd atá i mbun TEG C1 a bhaint amach agus clúdófar na gnéithe gramadaí de. Beidh sé oiriúnach dóibh siúd atá ag iarraidh na mionphointí de ghramadach na Gaeilge a fhoghlaim agus barrfheabhas Gaeilge a bhaint amach.
Tá ríméad ar AFP fáilte a chur roimh Iain Mac Roibeáird mar theagascóir linn. Tá taithí leathan ag Iain i dteagasc na Gaeilge ag gach leibhéal, ó bhunleibhéal go hardleibhéal in Ollscoil Mhá Nuad agus in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge. Mhúin sé na mílte mac léinn ollscoile agus mic léinn idirnáisiúnta go n-uige seo. D’oibrigh Iain mar Oifigeach Teangacha Oifigiúla in Ollscoil Mhá Nuad roimhe seo agus oibríonn sé mar aistritheoir freisin. Bhí Iain ina rannpháirtí i dtionscadail Eorpacha a bhí dírithe ar fheabhas a chur ar fhoghlaim teangacha don mhac léinn. Creideann Iain i dtimpeallacht spraíúil agus chairdiúil agus é ag múineadh, chomh maith le féinmhuinín a chothú san fhoghlaimeoir agus é/í ag foghlaim na Gaeilge.
Beidh bileoga eolais agus póstaeir seolta chuig na scoileanna go luath ach má theastaíonn tuilleadh eolais anois is féidir ríomhphost a chur chuig tomas@foras.ie nó glaoch a chur air ag 01 2150190.