Preas

An Foras Pátrúnachta / Archive by category "Preas"

30/03/15 Gailearaí – Comhdháil an Fhorais Phátrúnachta

Bronnadh le buíochas an Fhorais Phatrúnachta a léiriú ar an gCoimisinéir Teanga

Bronnadh le buíochas an Fhorais Phatrúnachta a léiriú ar an gCoimisinéir Teanga

Caoimhín Ó hEaghra agus an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill

Caoimhín Ó hEaghra agus an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill

Orla Bradshaw, Síomha Ní Ruairc agus Sinéad Ní Mhuirí

Orla Bradshaw, Síomha Ní Ruairc agus Sinéad Ní Mhuirí

Foireann an Fhorais Phátrúnachta agus an Coimisinéir Teanga Rónan Ó Domhnaill

Foireann an Fhorais Phátrúnachta agus an Coimisinéir Teanga Rónan Ó Domhnaill

Stiúrthóirí an Fhorais leis an gCoimisinéir Teanga

Stiúrthóirí an Fhorais leis an gCoimisinéir Teanga

Ard Rúnaí An Fhorais Phátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra

Ard Rúnaí An Fhorais Phátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra

An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill

An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill

Brian Matthews

Brian Matthews

Brian Matthews ó Millet & Matthews

Brian Matthews ó Millet & Matthews

Síle Ní Shéaghdha lena seastán do Lámh Chúnta,

Síle Ní Shéaghdha lena seastán do Lámh Chúnta,

Ronan Farrell agus an bhfoireann ón tAonad um Sholáthar do Scoileanna

Ronan Farrell agus an bhfoireann ón tAonad um Sholáthar do Scoileanna

Brian Matthews

Brian Matthews

p380112190-4
Elaine Haugh ó School Accounting lena seastán

Elaine Haugh ó School Accounting lena seastán

p353057404-4
Cáit de Búrca lena seastán do Chumann na bhFiann

Cáit de Búrca lena seastán do Chumann na bhFiann

p151538887-4
Finola Nic an Iomaire faoi dhraíocht ag clár na comhdhála!

Finola Nic an Iomaire faoi dhraíocht ag clár na comhdhála!

Lucht freastail an comhdháil ag baint sult as an lá!

Lucht freastail an comhdháil ag baint sult as an lá!

Ceoltóirí ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann

Ceoltóirí ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann

Ceoltóirí ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann

Ceoltóirí ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann

Taispeántas Ealaíne

Taispeántas Ealaíne

Taispeántas an Chomórtais Ealaíne

Taispeántas an Chomórtais Ealaíne

Taispeántas an Comórtas Ealaíne

Taispeántas an Comórtas Ealaíne

Taispeántas an Comórtas Ealaíne

Taispeántas an Comórtas Ealaíne

Deirbhile Nic Craith, Cumann Múinteoirí Éireann, Seán Ó Coinn, Foras na Gaeilge, Caoimhín Ó hEaghra agus Emer Ryan, Eaglais na hÉireann

Deirbhile Nic Craith, Cumann Múinteoirí Éireann, Seán Ó Coinn, Foras na Gaeilge, Caoimhín Ó hEaghra agus Emer Ryan, Eaglais na hÉireann

Séamas Ó Ceanainn, Príomhoide Ghaelcholáiste Chill Dara, agus an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill

Séamas Ó Ceanainn, Príomhoide Ghaelcholáiste Chill Dara, agus an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill

Anita Nic Amhlaoidh, Seán de Paor, Karla Ní Mhuadaigh agus Finola Nic an Iomaire

Anita Nic Amhlaoidh, Seán de Paor, Karla Ní Mhuadaigh agus Finola Nic an Iomaire

Caoimhín Ó hEaghra agus Ronan Farrell, ón tAonad um Sholáthar do Scoileanna

Caoimhín Ó hEaghra agus Ronan Farrell, ón tAonad um Sholáthar do Scoileanna

p320751978-4
Tim Ó Tuachaigh,  Mary Uí Raghallaigh agus Síle Ní Rabhartaigh

Tim Ó Tuachaigh, Mary Uí Raghallaigh agus Síle Ní Rabhartaigh

Cathal Ó Phleimann agus Clare Nic Giolla Bhriain ó Ghaelscoil Liatroma

Cathal Ó Phleimann agus Clare Nic Giolla Bhriain ó Ghaelscoil Liatroma

Liam Mac Aoidh, Paul Rowe, PF Educate Together, agus Caoimhín Ó hEaghra

Liam Mac Aoidh, Paul Rowe, PF Educate Together, agus Caoimhín Ó hEaghra

Síomha Ní Mhuirí agus Siún Ní Shé, Gael Linn

Síomha Ní Mhuirí agus Siún Ní Shé, Gael Linn

Dónal Ó Conaill agus Anita Nic Amhlaoidh

Dónal Ó Conaill agus Anita Nic Amhlaoidh

Seána Ní Chuain, Clodagh Ní Mhaoilchiaráin agus Póla Ní Chinnsealaigh

Seána Ní Chuain, Clodagh Ní Mhaoilchiaráin agus Póla Ní Chinnsealaigh

Anita Nic Amhlaoidh

Anita Nic Amhlaoidh

Pól Mag Lionáin i mbun cainte

Pól Mag Lionáin i mbun cainte

Pól Mag Lionáin ag caint faoi scoileanna ilchreidmheacha

Pól Mag Lionáin ag caint faoi scoileanna ilchreidmheacha

Bronnadh duaiseanna an Chomórtais Ealaíne. Caoimhín Ó hEaghra á bhronnadh ar phríomhoide Gaelscoil Thaobh na Coille.

Bronnadh duaiseanna an Chomórtais Ealaíne. Caoimhín Ó hEaghra á bhronnadh ar phríomhoide Gaelscoil Thaobh na Coille.

Bronnadh duas rannóg 1 - 3 ar ionadaí Gaelscoil Iarfhlatha

Bronnadh duas rannóg 1 – 3 ar ionadaí Gaelscoil Iarfhlatha

Duais na Rannóige Mheánscoile á bhronnadh ar ionadaí Meánscoil Gharman

Duais na Rannóige Mheánscoile á bhronnadh ar ionadaí Meánscoil Gharman

Anita Nic Amhlaoidh, Príomhoide Ghaelscoil Nás na Ríogh, ag bailiú duais ar son Oisín Ó Duignéain

Anita Nic Amhlaoidh, Príomhoide Ghaelscoil Nás na Ríogh, ag bailiú duais ar son Oisín Ó Duignéain

p39325149-4

Postáilte faoi Preas


25/03/15 Monopoly ar fáil as Gaeilge

Tá Monopoly, an cluiche boird atá aitheanta ar fud an domhain, ar fáil anois as Gaeilge. Is é Glór na nGael a d'fhorbair an leagan Gaeilge den chluiche, faoi cheadúnas Hasbro agus is i monarchan Hasbro i bPort Láirge a rinneadh an táirge. Tá an cluiche Monopoly ar fáil tríd www.udar.ie agus ceiliúrfar teacht na cluiche ag roinnt imeachtaí seolta sna seachtainí romhainn

Tá an seans ag imreoirí anois suíomhanna cosúil le hÁras an Uachtarán, Teach Laighean nó Corrán Tuathail a cheannach agus a fhorbairt. Má éiríonn leat, d'fhéadfá fiú óstán a thógáil orthu! Is iad na maoine is costasaí ar an mbord ná Teach an Phiarsaigh agus Ard-Oifig an Phoist. 

"An neart is mó atá ag an gcluiche ná cé comh éasca is a bhfuil sé le himirt. Is uirlis iontach é le cabhair a thabhairt do dhaoine an teanga a labhairt – nó a scread – i suíomh shóisialta," a dúirt Eoghan Mac Cormaic ó Ghlór na nGAel. 

Táimid ag súil go mór leis an gcluiche seo a imirt!

monoply

Postáilte faoi Preas


06/03/15 Spongebob Squarebhristí – scannán ag teacht as Gaeilge!

D’fhógair Paramount Pictures i mí Feabhra go mbeidh The Spongebob Movie: Sponge out of Water ar fáil as Gaeilge i bpictiúrlann áirithe, chomh maith leis an mBéarla nuair a eisíonn an scannán ó 27 Márta. Bunaithe ar sraith teilifíse Spongebob Squarepants ó Nickelodeon, feicfimid sa scannán an laoch spúinseach ag teacht i dtír dá eachtra is déanaí.

 

An comhlacht Macalla Teoranta a bhfuil á athghuthú as Gaeilge, an dream céanna is a dhéanann don sraith teilifíse ar TG4 é. Tá an-taithí acu mar sin ar na carachtéirí éagsúla; Spongebob é féin, Sally an t-iora rua, agus Pádraig an chrosóg mhara!

 

Beidh an phictiúrlann i nDún Droma ag glacadh páirt sa léiriú seo. Beidh léiriú amháin den leagan Gaeilge a chur ar siúl acu don pobal. Níl an dáta roghnaithe go fóill, ach beidh sé ar siúl I lár an tseachtain a eisíonn an scannán, 27 Márta. Taispeánann an léiriú seo an t-éileamh a bhfuil ar seirbhísí dhátheangach sa cheantar agus na h-imeachtaí a chomhair a bheith ar fáil do dhaoine trí mheán na Gaeilge.

 

Déanaigí deifir agus chuir bhur dticéad do Spongebob an Scannán: Spúinse as Uisce in áireamh chomh luath agus is féidir libh! Beidh na ticéidí ar dhíol don pobal ón Máirt 10 Marta.

 

 

spongebob

 

Postáilte faoi Fógraí Tábhachtacha, Preas


04/03/15 Rath mór ar Chomhdháil an Fhorais Phátrúnachta 2015

Bhí rath mór ar Chomhdháil an Fhorais Phátrúnachta 2015 a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath ar an Satharn. 


22/01/2015 Tuairisc.ie

Leanaí dátheangacha níos tuisceanaí faoi éagsúlacht daoine eile

Léirítear go bhféadfadh oiliúint luath sa dara teanga cur leis an nglacadh a bhíonn ag gasúir leis an éagsúlacht dhaonna, shóisialta agus fhisiciúil

Léiríonn staidéar nua gur fearr an tuiscint ag gasúir dhátheangacha ar thréithe an duine daonna ná gasúir aonteangacha.

Bíonn an tuiscint ar an saol ag gasúir dhátheangacha éagsúil ón tuiscint ar an saol a bhíonn ag gasúir aonteangacha, de réir staidéir nua ó Ollscoil Concordia i Québec Cheanada.

De réir an staidéir, is minic a chreideann gasúir óga go mbíonn tréithe áirithe ag ainmhithe agus ag daoine ó dhúchas. Is é sin le rá go gceapann gasúír gur sa mbroinn a shealbhaítear teanga agus nósanna iompair.

Léirítear sa staidéar nua ó Ollscoil Concordia, áfach, gur fearr an tuiscint atá ag gasúir dhátheangacha gur ón bhfoghlaim seachas ón dúchas a eascraíonn tréithe aigneolaíocha an duine.

Ba iad an tOllamh le haigneolaíocht Krista Byers-Heinlein agus a hiníon léinn Bianca Garcia a rinne an taighde. Mar chuid dá saothar, cuireadh scrúdú ar 28 gasúr, idir aonteangaigh, dhátheangaigh chomhuaineacha (a d’fhoghlaim an dá theanga le chéile) agus dhátheangaigh sheicheamhacha (a d’fhoghlaim an dá theanga i ndiaidh a chéile). Bhí na gasúir ar fad idir cúig agus sé bliana d’aois.

Chreid níos mó de na gasúr a raibh an dara teanga acu gur ón taithí a thagann tréithe an duine.

Mar chuid den staidéar, insíodh scéalta do na gasúir faoi leanaí a rugadh i Sasana ach a uchtaíodh san Iodáil agus faoi lachain ar tógadh i measc madraí iad. Fiafraíodh de rannpháirtithe an staidéir cé acu teanga, Béarla nó an Iodáilis, a labhródh na leanaí a rugadh i Sasana ach ar tógadh san Iodáil iad. Cuireadh cesit ar na gasúir chomh maith cé acu an ndéanfadh na héiníní lachain tafann nó vácaranach.

Fiafraíodh díobh freisin cé acu clúmh nó fionnadh a bheadh ar na héiníní.

Bhí na taighdeoirí ag súil go dtuigfeadh na dátheangaigh go bhfoghlaimítear teanga ach go dtuigfeadh na gasúir ar fad gur tréithe dúchasacha iad fuaimeanna agus tréithe coirp na n-ainmhithe.

Baineadh siar astu de bheagán nuair a léirigh na dátheangaigh sheicheamhacha tuiscint ar fhoghlaim teanga – bhí a fhios acu gur Iodáilis a labhródh leanaí a tógadh léi.

Ach chreid cuid mhaith de na dátheangaigh leis go mbeadh na héiníní a thóg na madraí ag rith agus ag tafann ar chuma na madraí féin.

“Rinneadh dátheangaigh agus aonteangaigh araon botúin, ach botúin dhifiriúla. Ba dhóichí go gceapfadh an t-aonteangach gur ón dúchas a tháinig gach gné, agus ba dhóichí go gceapfadh an dátheangach go bhfoghlaimítear gach rud,” a dúirt an tOllamh Byers-Heinlein.

Cuireann aigneolaithe an-spéis sna botúin a dhéanann gasúir mar go gcuireann na botúin chéanna le tuiscint an aigneolaí ar phróiséas forbartha an duine.

Léiríonn torthaí na taighde seo go soiléir go bhféadfadh rud bunúsach a dhéanann gasúr gach lá i réimse amháin den saol – foghlaim teanga – a mheon a athrú i leith go leor réimsí saoil eile.

Is mór na himpleachtaí sóisalta atá ag an staidéar, dar leis an ollscoil, mar go léirítear ann go bhféadfadh oiliúint luath sa dara teanga cur leis an nglacadh a bhíonn ag gasúir leis an éagsúlacht dhaonna, shóisialta agus fhisiciúil.

Foilseofar an staidéar ina iomláine san iris eolaíochta Developmental Science.

Postáilte faoi Preas


05/01/2015 Irish Examiner

Tá an scéal seo ar fáil i mBéarla amháin. 

Postáilte faoi Preas


05/01/2015 Longford Leader

Tá an scéal seo le fáil i mBéarla amháin.

Postáilte faoi Preas


05/01/2015 The Irish Times

Tá an scéal seo ar fáil i mBéarla amháin

Postáilte faoi Preas


05/01/2015 The Herald

Sean scoil Mother Teresa 'Gaelwarts' in éileamh mar ionad pósadh

Seo an rang i ‘Hogwarts’ Baile Átha Cliath féin, sa foirgneamh inar d’fhoghlaim Mother Teresa a cuid Béarla.

I Mean Fómhair a d’oscail dorais Gaelcholáiste an Phiarsaigh don chéad uair agus a ghlac siad a gcéad 16 dalta. Tá an scoil Ráth Fearnáin suite i sean Loreto Abbey ar taobh ó dheas an chaipiteal. Áirítear é mar Hogwarts na hÉire, ach tá ainm níos fearr ag na dalta ar an bhfoirgneamh stairiúil.

“Is breá leo anseo é. Is Hogwarts na hÉire é, tugann na daltaí Gaelwarts ar,” a dúirt príomhoide Joe Mac Suibhne.

Bhí plean forbairt ann don fhoirgneamh go dtí gur bhuail an cúlú eacnamaíochta, agus thóg Nama na heochracha. Dhíol Nama an scoil níos luaithe sa bhliain don Roinn Oideachais, ar €2.3m a thuairiscítear.

Is í an chéad meánscoil lán Gaeilge le n-oscail ar theas na Life in os cionn deich mbliana. Tá súil acu nuair a beidh an foirgneamh ar fad críochnaithe go mbeidh spás ann do 500 dalta.

Creidtear go mbeidh ar an Roinn Oideachais €12m san iomlán a infheistiú chun athchóiriú iomlán a dhéanamh ar an bhfoirgneamh. Rinne Mother Teresa Ó Calcutta staidéar ar Bhéarla nuair a tháinig sí go hÉire sna 1920idí.

Dúirt an tUasal Mac Suibhne go dtuigeann na daltaí suntas an scoil.

“Is foirgneamh álainn é,”a dúirt sé. “Tá éileamh ar an scoil ach níl cead clárú ach bliain roimh a bhfuil siad i ndán tosnú sa scoil. Nílimid ag ligint do dhaoine chlárú a dhéanamh deich mbliana roimh ré; táimid ag iarraidh é a choimeád cothrom.”

Tógfaidh an scoil measctha trí rang isteach sa chéad bhliain an Mean Fómhair seo chugainn. Tá seisear múinteoir ag obair sa scoil faoi láthair.

“Is atmaisféar iontach atá againn faoi láthair, tá sé cosúil le teaghlach. Táimid ag iarraidh é sin a choimeád,” a dúirt sé.

Tá na daltaí agus an foireann teorannaithe go cuid amháin den fhoirgneamh faoi láthair.

“Tá athchóiriú á dhéanamh mar a théimid,” a mhínigh an príomhoide.

“Táimid lonnaithe sa páirt is sine faoi láthair, tógtha i 1725. Is foirgneamh álainn tréimhse é.”

“Tá na seomraí ar fad an-mhór, tá na síleáil 15ft in airde le snoíodóireacht ornáideach ag gach ceann.”

Freisin tá eaglais lonnaithe sa mhainistreach.

“Is foirgneamh iontach í an eaglais. Tá ríomhphoist faighte agam ó dhaoine ag lorg cead é a úsáid mar ionad pósadh,”a nocht an tUasal Mac Suibhne.

Ní seo an chéad uair scoil a bheidh san fhoirgneamh. Suas go dtí lár na 1990idí scoil chónaithe Caitliceach do chailíní a bhí ann.

Aon obair tógála a bhí déanta, tógadh an-chúram dó agus tá foireann ailtireacht faoi láthair ag scríobh beartais don athchóiriú. 

mother teresa

Postáilte faoi Preas


19/11/2014 Leitrim Observer

Tá an píosa seo ar fáil i mBéarla amháin

Postáilte faoi Preas