Tá Gaelscoil Longfoirt ag earcú 3 mhúinteoirí ranga – faigh tuilleadh eolais anseo ar EducationPosts.ie
Iarrtar ar Bhoird Bhainistíochta/Bhoird Oideachais agus Oiliúna an tábla athbhreithnithe seo a thabhairt faoi deara le haghaidh leithdháileadh Príomhphost Cúnta.
Gabhann an Tábla athbhreithnithe seo in ionad Ciorclán 0025/2021agus beidh éifeacht leis na ceapacháin ón 01 Meán Fómhair 2022.
Ba chóir aon cheisteanna maidir leis an sceideal PF athbhreithnithe a chur chuig Rannóg na Leithdháiltí sa Roinn: primaryallocations@education.gov.ie
Postáilte faoi An Fhoireann, Boird Bhainistíochta, Ciorcaláin, Folúntais, Nuacht
Is scoil de chuid An Foras Pátrúnachta í Gaelscoil Charraig na Siúire. Tá éiteas caitliceach ag an scoil agus tá sároideachas trí Ghaeilge á fháil ag daltaí na scoile. Beidh an scoil ag bogadh isteach ina foirgneamh buan ar na mallaibh.
Beidh roghnú an duine rathúil bunaithe ar cheithre inniúlacht atá ar aon dul leis an gCreat Cáilíochta um Cheannaireacht agus Bainistíocht:
Is deis ar leith don té a cheapfar a (h)oidhreacht féin a chruthú i scoil a bhfuil fás i ndán di i bhfoirgneamh úr nua. Beifear ag súil leis go mbeidh tuiscint agus taithí ag iarratasóirí ar na dúshláin bhainistíochta a thagann leis an ról mar aon le fís a bheith acu maidir leis na deiseanna.
Glacfar le hiarratais ar ríomhphost amháin go dtí 4pm, 7 Meitheamh 2022. Táthar ag súil leis go mbeidh na hagallaimh ar siúl Dé Céadaoin 15 Meitheamh.
Tuilleadh eolais ar EducationPosts.ie
Postáilte faoi An Fhoireann, Folúntais, Nuacht
Folúntas do Phríomhoide i nGaelscoil Uí Chéadaigh, Bóthar Vevay, Bré, Cill Mhantán, A98 YH48 https://www.gaelscoiluicheadaigh.ie
Beidh roghnú an iarratasóra rathúil bunaithe ar cheithre inniúlacht atá ar aon dul leis an gCreat Cáilíochta um Cheannaireacht agus Bainistíocht:
An dáta tosaigh ná an 1 Meán Fómhair nó nuair a chomhlíonann an iarratasóir rathúil fógra éigeantach. Is scoil pháiste-lárnach í Gaelscoil Uí Chéadaigh.
Beidh duine fuinniúil, díograiseach, cineálta agus éifeachtach ag teastail chun an scoil a rith, ag tógáil ar an mbunchloch láidir atá leagtha. Ceannaire seasmhach, neamhspleách, le dea-bhreithiúnas a bheidh sa té a cheaptar. Duine atá tiománta do fhorbairt iomlán na bpáistí, d’fhoghlaim agus d’fhorbairt na foirne agus na clainnte a oibrionn leo agus don Ghaelscolaíocht.
Spriocdháta d’iarratais: Luan, 16ú Bealtaine
Postáilte faoi An Fhoireann, Folúntais, Nuacht, Nuacht ó Scoileanna
Ba mhian le Bord Bainistíochta Ghaelscoil Átha Í cuireadh a thabhairt d’iarrthóirí cur isteach ar phost dhá bhliain mar phríomhoide gníomhach sa scoil sin. Beidh an té a cheapfar ag feidmiú ón 29ú Lúnasa go dtí’n 31ú Lúnasa 2023. Is scoil idir-chreidmheach í a thagann faoin bhForas Patrúnachta. Tá 178 dalta linn faoi lathair, 8 múinteoir ranga, 3 mhúinteoir tacaíochta, 2.5 CRS chomh maith le beirt atá ar chonradh coimhdeach.
Mar a thuigeann sibh tá Sorcha Ní Mhistéil ar iasacht leis an bhForas mar Bhainisteoir Sainspioraid agus dá bhrí sin tá an post seo ar fáil d’aon iarrthóir ar mhaith leo seal a chaitheamh mar Phríomhoide os rud é nach bhfuil an post á líonadh go hinmheánach.
Tuigimid go bhfuil cultúr agus foireann láidir in bhur scoileanna. Tuigimid freisin nár mhaith le haon scoil ceann dá gcuid múinteoirí a chailliúint ar feadh tréimhse. Ach ar mhaithe lenár scoileanna uile bheinn fíor bhuíoch dá mbeadh sibh sásta an t-eolas agus an fógra seo a chur faoi bhráid bhur foirne. Seans go mbeadh suim ag múinteoirí áirithe a gcuid taithí a roinnt agus taithí a fháil ar ról an phríomhoide.
Postáilte faoi An Fhoireann, Folúntais, Nuacht, Nuacht ó Scoileanna
Tá Bord Oideachais agus Oiliúna LOETB ag lorg iarratais ó mhúinteoirí cuícháilithe do phost mar Phríomhoide, Choláiste Dhún Másc. Tosóidh an té a cheapfar sa phost seo láithreach. Bunaíodh Coláiste Dhún Másc mar choláiste pobal i 2017. Iar-bhunscoil chomhoideachais, ilchreidmheach, í faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uíbh Fhailí agus An Foras Pátrúnachta mar Chomhpháirtí Iontaobhaithe uirthi. Is scoil Bhéarla í ina bhfuil Aonad Lán-Gaeilge, áit ar féidir le scoláirí staidéar a dhéanamh ar gach ábhar trí mheán na Gaeilge.
Ba chóir go léireodh an t-iarrthóir rathúil tuiscint ar an nGaelscolaíocht agus go mbeadh sé/sí in ann dualgais an phoist a chomhlíonadh trí Ghaeilge.
Bhí clárúchán 437 ag an scoil ar 1 Meán Fómhair 2021.
Le bheith incháilithe le haghaidh ceaptha sa phost seo, ní mór d’iarrthóirí na riachtanais seo a leanas a shásamh:
Is é an dáta deiridh chun Foirmeacha Iarratais Ríomhphoist chomhlánaithe a fháil ná 12 meán lae, Dé Máirt, 5 Aibreán 2022 chuig recruitment@loetb.ie
Foirm Iarratais Tag: DC86
Cur síos ar an bPost agus Sonraíocht an Duine
Postáilte faoi Boird Bhainistíochta, Folúntais, Nuacht
Tá Príomhoide á earcú againn: Tá an folúntas príomhoideachta i nGS Bhrian Boróimhe, Sord.
Tuilleadh eolais: https://www.
Cúram Iar-Scoile
Failtíonn Bord Bainistíochta Ghaelscoil na bhFilí roimh léirithe spéise le bunú agus reáchtáil seirbhíse iar-scoile trí mheán na Gaeilge ar shuíomh na scoile. Beidh an tseirbhís curtha ar fáil gach lá ó 1.30i.n. go 2.30 i.n. chun freastal ar rang na Naíonán sa scoil ón 1/9/2022. Is moladh sé seo do thrádálaí aonair chun seirbhís iar-scoile a rith neamhspléach ar an scoil.
Riachtanach
Inmhianta
Ní mór d’iarratais a bheith i nGaeilge amháin agus ba cheart CV (2 lch) chomh maith le litir iarratais a sheoladh chuig bordbainistiochtagsf@gmail.com mar PDF AMHÁIN roimh 5.i.n. ar an 7 /4 / 2022
Postáilte faoi Folúntais, Nuacht, Nuacht ó Scoileanna
Post mar Aistritheoir Grád 5 (Scála ETB)
Conradh Bliana ar Théarma Seasta: 10/01/22 – 09/01/23
Tá leabharchoimeádaí nó cuntasóir le Gaeilge ag teastáil ó An Foras Pátrúnachta ar bonn neamhspleách.
Déan teagmháil linn eolas@foras.ie
Postáilte faoi An Fhoireann, Folúntais, Nuacht