Is lársheirbhís tacaíochta maidir le ceisteanna soláthair atá san Aonad Um Sholáthar do Scoileanna. Cuireann an tAonad comhairle agus tacaíochtaí ar fáil do scoileanna leis an toradh is fearr a bhaint amach. Tá foireann an Aonaid saineolach ar sholáthar poiblí; cuirtear treoir ar fáil ar dheachleachtas; seoltar nuachtlitreacha go rialta chuig scoileanna leis an eolas is déanaí; cabhraíonn sé le scoileanna teacht ar chonarthaí d’earraí agus do sheirbhísí a bhfuil an idirbheartaíocht déanta orthu. Tá tuilleadh eolais maidir le conarthaí, teimpléid, foilseacháin, nuachtlitreacha agus sonraí teagmhála le fáil ar www.spu.ie