
Beidh Comhdháil An Foras Pátrúnachta ar siúl Dé Sathairn 25 Samhain san Óstán Mullingar Park. Is ócáid speisialta, leathlae a bheidh ann agus mar chéad chuid de Cheiliúradh 25 bliain An Foras Pátrúnachta déanfar bronnadh ar gach scoil. Glacfar grianghraf de Phríomhoide, Cathaoirleach & Ionadaí an Phátrúin ó gach scoil a bheidh curtha i leabhrán 25 bliain na heagraíochta. Beidh seisiún do Chathaoirligh go sonrach mar chuid den Chomhdháil. Beidh Comhdháil Gaeloideachas ar siúl san óstán céanna an lá roimhe.
Is é téama na Comhdhála ‘ó dhátheangachas go hilteangachas’. Is téama é a thagann le ceann de na móréilimh atá orainn mar oideachasóirí. Teastaíonn lucht oibre le roinnt teangacha ar a dtoil acu, i gcomhthéacs na Breatimeachta ach go háirithe. Tá An Foras Pátrúnachta chun cinn in earnáil an oideachais ar an gceist seo ós rud é go bhfuil gach scoil s’againne cleachtaithe leis an tumoideachas. Táimid ar bís go mbeidh saineolaithe idirnáisiúnta Piet Van de Craen agus Inma Muñoa Barredo i láthair agus iad ag cur síos ar chóras CLIL, córas atá an-rathúil ar an mór-roinn ó thaobh sealbhú teanga a chinntiú i roinnt teangacha le chéile. Táimid i mbun plé leis an PDST faoi láthair maidir le tacaíochtaí a bheith curtha ar fáil dár scoileanna faoin tionscnamh seo.
Foilseofar an clár iomlán anseo go luath. Idir an dá linn, tá dréacht den chlár gach seisiún agus briseadh síos ama le fáil anseo.
Is féidir leat clárú don Chomhdháil trí ríomhphost a sheoladh go: tomas@foras.ie
Tá ár gComórtas mór le rá ar ais & é bainteach le téama na Comhdhála. Brúigh ar an íomhá le gach eolas a fháil.
Táimid ag moladh dóibh siúd atá ag socrú lóistín anois seomra a chur in áirithe in óstán cóngarach darb ainm Bloomfield House(https://www.bloomfieldhousehotel.ie/). Beidh lucht freastail ár gComhdhála in ann tairbhe a bhaint as rátaí speisialta ach ‘Foras’ a lua leis an bhfoireann ar 044-9340894.