13/1/14 An spásaire Chris Hadfield ag Gaelscoil Bhun Cranncha

An Foras Pátrúnachta / Nuacht ó Scoileanna / 13/1/14 An spásaire Chris Hadfield ag Gaelscoil Bhun Cranncha

Bhí sceitimíní áthais ar na páistí ag Gaelscoil Bhun Cranncha, Dún na nGall, an tseachtain seo nuair a thug an spásaire cáiliúil, Chris Hadfield, cuairt ar a scoil.

Ba é an chéad Cheanadach a shiúl i spás. I mí Feabhra 2013, tharraing sé neart cainte nuair a sheol sé an teachtaireacht seo ar Twitter agus é sa Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta:

“@Cmdr_Hadfield: Tá Éire fíorálainn! Land of green hills & dark beer. With capital Dublin glowing in the Irish night.”

grúpa cropped

Thug Chris agus a bhean chéile Helene cuairt ar Pháirc an Chrócaigh, ‘Guinness Storehouse’ agus ‘Titanic Belfast’ le linn na cuairte in Éirinn.

Ar an 13 Eanáir 2014, bhuail Chris isteach ag Gaelscoil Bhun Cranncha chun barr feabhais a chur ar a chuid Gaeilge.

ceacht cropped

Is féidir éisteacht leis an mír a rinne RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an lá anseo.

Ag labhairt as Gaeilge, dúirt Chris:

“Tháinig mé go hÉirinn toisc go bhfuil suim agam i gcultúr na hÉireann. Tá dúil agam san iomáint agus sa teanga Gaeilge. Is áit fíor-álainn í Éirinn ach tá Dún na nGall speisialta.”

Dar le príomhoide ní scoile, Úna Ní Mhaoildeirg Uí Cheallaigh (thíos ar dheis), bhí daltaí na scoile ar bís:

“Mhúin cuid de na páistí ceacht Gaeilge dó agus bhí sé iontach mhaith. Ní bheidh lá scoile cosúil leis riamh arís againn,” a dúirt sí.

príomhoide cropped

Buíochas leis an ngriangrafadóir John McConnell (jmac.ie) a chuir na grianghraif seo ar fáil dúinn.