statistics cropped

Daonáireamh 2011

Dar le Daonáireamh 2011, bhí 77,185 duine ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil lasmuigh den chóras oideachais i mí Aibreáin 2011. Bhí fiche trí faoin gcéad díobh seo d’aois 5 go 18 (17,457 duine), le 23,359 (30%) eile san aoisghrúpa 25-44. Bhí 42,157 bean ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil in 2011 i gcomparáid le 35,028 fear.

Láthair na gcainteoirí Gaeilge

Bhí caoga a haon faoin gcéad de dhaonra chontae na Gaillimhe in ann Gaeilge a labhairt in 2011 – an líon ab airde as gach contae. Ar na contaetha riaracháin eile is airde bhí an Clár (48%), Tiobraid Árann Thuaidh (47%) agus Luimneach (47%) leis na céatadáin is ísle ag Cathair Bhaile Átha Cliath (32%), Baile Átha Cliath Theas (36%) agus Lú (36%). De bharr méid an daonra dá cuid, bhí an líon is airde cainteoirí laethúla na Gaeilge ag cathair Bhaile Átha Cliath agus a bruachbhailte le 14,229 duine, arbh ionann sin agus 18 faoin gcéad de líon iomlán na gcainteoirí laethúla. I dteannta a chéile bhí 6,336 cainteoir Gaeilge laethúil ag cathracha Chorcaí, na Gaillimhe agus Luimnigh, arbh ionann sin agus os cionn 8 faoin gcéad den iomlán.

Gnóthachtáil ardoideachais

Bhí oideachas níos airde ar chainteoirí laethúla na Gaeilge ná mar a bhí i gceist leis an daonra i gcoitinne. As na cainteoirí Gaeilge laethúla sin a raibh a gcuid oideachais comhlíonta acu, bhí céim tríú leibhéal nó níos airde ag 44 faoin gcéad. Bhí sé seo i gcomparáid le ráta 26 faoin gcéad don Stát trí chéile.

Na ceantair Ghaeltachta

Dúirt líon iomlán 66,238 duine (d’aois 3 nó os cionn) nó 68.5 faoin gcéad de dhaoine i gceantair Ghaeltachta go bhféadfaidís Gaeilge a labhairt in 2011. B’ionann seo agus méadú de chuid 1,973 duine ar an mbliain 2006, mar sin féin, tá an cion a labhair Gaeilge tar éis titim ó 70 faoin gcéad in 2006. Bhí líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i gceantair Ghaeltachta cothrom le 23,175 duine nó 24 faoin gcéad de na daoine ar fad d’aois 3 nó os cionn sna ceantair seo.

Back to Top