
Aidhmeanna agus Fís an Phatrúin
- Oideachas Lán-Ghaeilge a leathnú agus a fhorbairt
- Rogha a chur ar fáil do thuismitheoirí d’oideachas a bpáistí trí mheán na Gaeilge & cearta tuismitheoirí a aithint
- An tAcht Oideachas a chomhlíonadh
- Tacú le haidhm an Rialtais sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge
- Pobal Gaelach a chothú agus labhairt na Gaeilge mar mheán cumarsáide a leathnú
Spriocanna An Foras Pátrúnachta
- Oideachas Lán-Ghaeilge a fhorbairt trí mhéadú ar líon ár scoileanna
- Oideachas den scoth atá measctha agus daonlathach a chur ar fáil
- Freastal iomlán ar an dalta
- Forbairt agus múnlú daltaí
- Rogha do Thuismitheoirí
- Labhairt na Gaeilge a leathnú
- Forbairt na Gaeilge tríd an Oideachas: Teanga, Cultúr, Oidhreacht, Cluichí, Ceol, Litríocht, Imeachtaí Gaelacha
Creideann An Foras Pátrúnachta go láidir mar phatrún agus eagraíocht bainistíochta ina misean maidir leis an nGaeilge agus creideamh. Is é sin moltaí, tacaíocht agus treoir a thabhairt do bhoird bainistíochta, príomhoidí, múinteoirí agus tuismitheoirí mar is gá le tacaíocht a thabhairt don éiteas, forbairt agus fás na scoileanna atá faoinár gcúram.
Back to Top