Eolas faoin bhForas Pátrúnachta

An Foras Pátrúnachta / Eolas faoin bhForas Pátrúnachta

foras-about

Cad é An Foras Pátrúnachta?

Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 64 bhunscoil agus 5 mheánscoil faoina phátrúnacht. Tá An Foras Pátrúnachta ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu. Is eagraíocht bainistíochta aitheanta é An Foras Pátrúnachta freisin. Is mian linn líon na scoileanna lán-Ghaeilge a fhás ionas go mbeidh gach tuismitheoir a roghnódh oideachas lán-Ghaeilge in ann teacht ar an rogha sin dá bpáistí.

Bunaíodh An Foras Pátrúnachta sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht. An fhís atá ag An Foras Pátrúnachta ná oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír. Tá An Foras Pátrúnachta aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna mar chóras pátrúnachta atá inghlactha agus cuí do scoileanna ag an gcéad agus an dara leibhéal.

Back to Top