Tá treoracha um Chosaint Sonraí do scoileanna ar fáil ar an suíomh idirlín nua seo: www.dataprotectionschools.ie
D’oibrigh na heagraíochtaí bainistíochta agus An Roinn Oideachais as lámh a chéile chun an suíomh seo a fhorbairt.
Is í an aidhm atá ag an suíomh seo léargas ginearálta a thabhairt do scoileanna ar an reachtaíocht agus ar an gcaoi a bhaineann sé le scoileanna.
Cuirtear treoir sainiúil ar an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí ar fáil ar an suíomh seo; tá fáil air ar shamplaí, ar pholasaithe, ar chóid chleachtais agus ar naisc chuig acmhainní eile.
Cabhróidh an t-eolas atá ar fáil ar an suíomh le scoileanna, atá ina ‘rialaitheoirí sonraí’, polasaí um chosaint sonraí atá ábhartha, suntasach agus suas chun dáta a chur le chéile.
Beidh leagan Gaeilge de na cáipéisí ar fáil go luath.