Eagraíodh an lá scoil ag Cumann na dTuismitheoirí chun léitheoireacht a chur chun cinn agus airgead a bhailiú don scoil.
Bhí pobal na scoile ag céiliúradh leabhair Roald Dahl trí chlár d'imeachtaí spéisiúla.
– Lá Feistis Bréige Dahl-icious: bhí na páistí ar fad gléasta mar charactar ó shaothar Roald Dahl
– Crannchur Willy Wonka: Bhí crannchur do chiseán mór Roald Dahl
– Díolachán Cístí le téama Charlie & the Chocolate Factory
– Pictiúrlann Roald Dahl: Cuireadh scannáin bunaithe ar leabhair Roald Dahl ar an gclár bán agus an Díolachán Cístí ar siúl
– Ticéad Órga: Phioc gach múinteoir ainm as an hata dá rang féin agus fuair an dalta sin ticéad órga. Aoíeanna speisialta a bhí sna daltaí seo ag an díolachán cístí agus fuair siad cístí saor in aisce!
– Léirmheas leabhar: Scríobh na páistí (agus roinnt tuistí) léirmheasanna faoi leabhar de chuid Roald Dahl.
Bhí an-spraoi ag gach duine ar an lá. Deis den scoth a bhí ann na páistí a chur ag caint agus ag scríobh faoi shaothar Roald Dahl.
