Bhailigh grúpaí agus coistí Gaeilge ó áiteanna éagsúla ar fud na tíre le chéile in Óstán Chaisleán Chluain Tarbh i mBaile Átha Cliath ar an 29 Márta 2014 chun a n-éachtaí i dtaobh chaomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge a cheiliúradh.
Bhuaigh ‘Muintir Chrónáin’ duais an Fhorais Phátrúnachta, duais ar luach €1,000. Bhí ball de bhord stiúrtha an Fhorais Phátrúnachta, Pól Mag Lionáin, i láthair chun an duais a bhronnadh orthu.
Rinne an tAire Stáit, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, comhghairdeas leis na grúpaí ar fad.
Bronnadh níos mó na €120,000 i nduaiseanna ar choistí pobail, ar choistí scoile agus ollscoile agus ar choistí ón Albain, ó Cheanada agus ó Mheiriceá.
Tá liosta iomlán de na buaiteoirí ar fáil anseo:
http://www.glornangael.ie/