27/05/15 Suirbhé do scoileanna ar Chomhdháil AFP 2016

An Foras Pátrúnachta / Fógraí Tábhachtacha / 27/05/15 Suirbhé do scoileanna ar Chomhdháil AFP 2016

Tá tús curtha againn leis an ullmhúchán do Chomhdháil An Foras Pátrúnachta 2016 agus ba mhór againn tuairimí phobal na scoileanna a fháil ina leith.

Is suirbhé gearr (3 cheist) atá ann a chabhróidh linn freastal ar mhianta phobal na scoileanna. Tá nasc chuig an suirbhé seolta chuig gach scoil ar ríomhphost cheana. 
 
Táimid buíoch díbh as bhur dtuairimí.
 
Má tá dearmad déanta ag aon Phríomhoide ar na sonraí le logáil isteach ar foras.ie, cuir scéal chuig cormac@foras.ie agus déanfaidh na sonraí a athshocrú.