25.3.2014 Ionadaithe ón bhForas Pátrúnachta ar cuairt in Loreto Abbey

An Foras Pátrúnachta / Nuacht ó Scoileanna / 25.3.2014 Ionadaithe ón bhForas Pátrúnachta ar cuairt in Loreto Abbey

cropped coiste

Bhí an deis ag ionadaithe ón bhForas Pátrúnachta agus ó Ghaelcholáiste an Phiarsaigh cuairt a thabhairt ar Loreto Abbey le déanaí, an foirgneamh ina mbeidh Gaelcholáiste an Phiarsaigh lonnaithe. (Thuas, sa lár, Joe Mac Suibhne, príomhoide na scoile le baill den bhord bainistíochta.)

cropped pairc tosaighTá Loreto Abbey suite ar bhóthar na Gráinsí in Ráth Fearnáin, BÁC 14. Bhíodh sé ina scoil phríobháideach. Tá an foirgneamh ceannaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna do Ghaelcholáiste an Phiarsaigh. Osclóidh an scoil a doirse don chéad uair ag deireadh an tsamhraidh. Lucht na céad bliana amháin a bheidh sa scoil don scoilbhliain 2014/2015.

cropped doras

“Bhí an-áthas orm cuairt a thabhairt ar fhoirgneamh nua Ghaelcholáiste an Phiarsaigh inniu, “arsa Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta (thuas, ar dheis le Lorcán Mac Gabhann, Cathaoirleach ar Bhord Bhainistíochta na scoile.) “Is léir gur iontach an institiúid oideachais a bhí agus a bheidh sa scoil seo.

“Tá Gaelcholáiste an Phiarsaigh ar phlean tógála 5 bliana na Roinne agus dá bhrí sin beidh athchóiriú iomlán an fhoirgnimh idir láimhe ón samhradh seo ar aghaidh.

cropped scátháin

“Tá ceangal láidir leis an nGaeilge agus le hoideachas lán-Ghaeilge sa cheantar, le hIarsmalann an Phiarsaigh díreach suas an bóthar, áit ar rith Pádráig Mac Piarais Coláiste Éanna idir 1910 agus 1916.

“Tá an áthas orainn ar fad an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn tríd an scoil seo do na glúine amach romhainn.”

cropped halla2