Comhghairdeas leis na scoileanna agus mhic léinn ar fad a ghlac páirt ann. Tá pictiúir ó Ghaelscoil Chill Dara, Gaelcholáiste Chill Dara agus Coláiste Ghlór na Mara le feiceáil thíos.
Ghlac breis is 20,000 dalta ó fud fad na tíre páirt sa dúshlán Gaeilge24 i mbliana ar 11 Samhain- ag labhairt Gaeilge gan stad ar feadh 24 uair a chloig. Is í seo an tríú bliain deGaeilge24 agus bhí níos mó daoine ná riamh ag glacadh páirte ann i mbliana. Bhí daltaí ó gach uile contae sa tír ag labhairt i nGaeilge amháin ar feadh an lae ar fad ar scoil, sa bhaile, ag na siopaí, lena gcairde agus lena muintir.
Bealach iontach is ea é an dúshlán seo le daltaí scoile agus an pobal mór a spreagadh leis an teanga a labhairt níos minice ina saoil. Tá an Ghaeilge á normalú tríd an dúshlán seo. Is iad na rannpháirtithe féin a bhí ag scaipeadh na Gaeilge pé áit ina raibh siad, ag spreagadh daoine eile le labhairt leo i nGaeilge agus ag tacú leo lena gcuid cúpla focal féin a úsáid tríd an lá.
I mbliana bhí béim faoi leith ar úsáid na meáin sóisialta as Gaeilge- Is fiú #Gaeilge24 a leanúint ar twitter le blaiseadh a fháil ó na daoine éagsúla a bhí ag glacadh páirte, an tAire Stáit Joe McHugh ina measc.
De réir gach aiseolas thaitin an lá go mór le na daltaí scoile. D’éirigh le cúpla scoil turas Gaelach a eagrú ar an lá le cinnte a dhéanamh nach mbeidh ach Gaeilge á labhairt. Rinne scoileanna eile ar nós Gaelscoil Chill Dara “codladh thar oíche” ar scoil leis an 24 uair a bhaint amach trí Gaeilge amháin.
Ní amháin go raibh daltaí scoile in Éireann páirteach sa dúshlán- bhí spéis ag grúpaí ar fud an domhain le grúpa ó Ollscoil Toronto i gCeanada páirteach freisin agus duine amháin san Astráil a bhí tiomanta leis an dúshlán a chríochnú ina aonar fiú!
Arsa Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge:
Táimid an sásta leis an fás dochreidte atá tagtha ar an dúshlán seo le 20,000 páirteach i mbliana. Is léir go raibh na daltaí scoile ag iarraidh Gaeilge a labhairt ar an lá agus is bealach iontach é an dúshlán seo le taispeáint dóibh gur féidir é a dhéanamh.
Sheolamar na mílte t-léine amach go daltaí ar fud an oileáin i mbliana le caitheamh ar an lá agus aird a tharraingt ar an dúshlán. Tá muid an-sásta gur ghlac an tAire Stáit McHugh leis an dúshlán freisin – táim cinnte gur bhain Joe agus an 20,000 duine eile atá ag ghlac páirt i nGaeilge 24 i mbliana an-taitneamh agus tairbhe as an nGaeilge a labhairt ar feadh 24 uair a chloig!”
Arsa an tAire Stáit do Gnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh ag seoladh an dúshláin. “Bhí mé breá sásta glacadh leis an dúshlán spreagúil seo ó Chonradh na Gaeilge. Creidim go láidir nach bhfuil bealach níos fearr leis an teanga a fhoghlaim ná í a labhairt.”