Ar an 15 Deireadh Fómhair 2014, sheol An Foras Pátrúnachta aighneacht mhionsonraithe chuig an An Rannóg um Pleanáil Chun Cinn sa Roinn Oideachais agus Scileanna le tacaíocht ó choiste a bunaíodh chun athbheochan a dhéanamh ar an bhfeachtas do Ghaelcholáiste i gCill Dara Thuaidh, feachtas atá ar an bhfód le fada.
Tá athbhreithniú ar bun ag An Roinn Oideachais i láthair na huaire ar na háiteanna ina lonnófar meánscoileanna nua sa dhá bhliain atá romhainn. Thapaigh na feachtasóirí do Ghaelcholáiste i gCill Dara Thuaidh an deis seo le meabhrú don Roinn arís go bhfuil daltaí i gCill Dara Thuaidh nach bhfuil an deis acu freastal ar mheánscoil ina bhfuil tumoideachais iomlán sa Ghaeilge ar fáil toisc nach bhfuil spás dóibh sa mheánscoil a bhfuil tacaíocht tugtha ag an Roinn di go dtí seo.
An tseachtain seo caite, dheimhnigh Coláiste Cois Life, an mheánscoil lán–Ghaeilge i Leamhcán, do dhaltaí a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna i gCill Coca, i Léim an Bhradáin agus i Maigh Nuad, go bhfuil ísliú céime tugtha dóibh sa pholasaí iontrála. Tabharfar tús áite do na scoileanna nua i Leamhcán a bhfuil fás suntasach tagtha orthu le blianta beaga anuas. Bhí ról lárnach ag daltaí ó Chill Dara Thuaidh i mbunú Choláiste Cois Life sa bhliain 1989. Tá tacaíocht leanúnach tugtha acu do scoil agus faoi láthair, is as Cill Dara Thuaidh iad 51 faoin gcéad de na daltaí. Ó bunaíodh an scoil, deimhníodh do thuismitheoirí na scoile gur bunaíodh Coláiste Cois Life le freastal ar an éileamh i gCill Dara Thuaidh agus scríobhadh an méid seo i dtaifead na Dála go minic. Tá neamhaird déanta air seo agus tá athrú déanta ar an bpolasaí iontrála, athrú a chiallaíonn nach mbeidh fáilte roimh dhaltaí ó Chill Dara Thuaidh sa scoil is giorra dóibh ina bhfuil tumoideachas iomlán trí Ghaeilge ar fáil.
Tá sé seo ag tarlú in ainneoin go bhfuil thart ar 200 data i rang 6 i nGaelscoileanna i gCill Dara Thuaidh.
Léiríonn An Foras Pátrúnachta san aighneacht atá curtha faoi bhráid na Roinne, go bhfuil géarghá le freastal a dhéanamh ar an éileamh seo trí Ghaelcholáiste a bhunú i gCill Dara Thuaidh.
Léiríonn an aighneacht, ina bhfuil anailís staitistiúil sonrach ar fáil, an t-éileamh suntasach agus bunaithe atá ann chomh maith leis an inmharthanacht atá ann do mheánscoil lán-Ghaeilge i gCill Dara Thuaidh. Tacaíonn na figiúirí rollacháin ón gcúig bhunscoil lán-Ghaeilge sa réigiún leis seo.
Níl ach 17 áit ar fáil i gColáiste Cois Life do Mheán Fómhair 2015 do thart ar 200 dalta ón gceantar. Beidh tionchar ollmhór aige seo ar rollúcháin sna meánscoileanna Béarla i gCill Dara Thuaidh agus cuirfear brú ar na scoileanna seo dá bharr.
Tá an coiste ag iarraidh ar thuismitheoirí a dtacaíocht a thaispeáint don bhfeachtas chun Gaelcholáiste a bhunú i gCill Dara Thuaidh trí Twitter agus ar a leathanach Facebook. Chomh maith leis sin, is féidir dul i dteagmháil leis an gcoiste go díreach trí ríomhphost a sheoladh chuig: gcnorthkildare@gmail.com
Tuilleadh eolais:
Teagmhálaí: Bronagh Geraghty
Facebook: Gaelcholáiste North Kildare
Twitter: @GC_NorthKildare
Nóta don Eagarthóir:
Is pátrún scoile é An Foras Pátrúnachta a bunaíodh chun oideachais trí Ghaeilge a fhorbairt. Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus ag an dara leibhéal.