20/10/14 Gaelscoil Chloch na gCoillte molta ag Feisire Eorpach

An Foras Pátrúnachta / Nuacht ó Scoileanna / 20/10/14 Gaelscoil Chloch na gCoillte molta ag Feisire Eorpach

Cuairt Liadh Ní Riada Deireadh Fómhair 2014 cropped

 

Mhol Feisire de Pharlaimint na hEorpa, Liadh Ní Riada (thuas sa lár), an fhoireann, na tuismitheoirí agus na páistí i nGaelscoil Chloch na gCoillte as ucht páirt a ghlacadh sa chlár Comenius.

Cruthaíonn an clár Comenius naisc idir scoileanna, páistí agus múinteoirí ar fud na hEorpa. Chuir an Ghaelscoil fáilte roimh 28 dalta agus 16 múinteoir ón gCróit, ón bhFrainc, ón nGearmáin, ón Iodáil le déanaí.

Dúirt Liadh Ní Riada: “Tá áthas an domhain orm a bheith i gCloch na gCoillte inniu le casadh leis na páistí agus lena múinteoirí agus chun uasdátú a fháil ar an méid atá ar siúl anseo sa Ghaelscoil. Tá jab iontach déanta ag príomhoide na scoile, Carmel Nic Airt, agus ag an bhfoireann, ag bainistíocht agus ag tuismitheoirí na scoile cuairt den scoth a chur ar fáil.

“Cuireann sé gliondar ar mo chroí an Ghaeilge a chloisteáil mar aon le Cróitis, Fraincis, Gearmáinis agus Iodáilis anseo i gCloch na gCoillte an tseachtain seo.

“Maith sibh Gaelscoil Mhíchíl Uí Choileáin agus slán abhaile lena gcuairteoirí.”