Comhghairdeas leis na hiománaithe ó Ghaelscoil Eiscir Riada a bhuaigh Corn Sciath Uí Néill i gcomórtas Chumann na mBunscol.
D’éirigh le Foireann Sinsir na mBuachaillí ó Ghaelscoil Eiscir Riada an ceann is fearr a fháil ar Holy Family NS Rathcoole sa chraobh i bPáirc an Chrócaigh.
Moladh taispeántas na n-imreoirí go hard; Jamie Ó Neill, Mark Ó Láimhín agus Jack Mac Gearailt ach go háirithe.
Seo an scór ag deireadh an chluiche: Gaelscoil Eiscir Riada 5-6 Holy Family NS Rathcoole 2-9.
Tá tuilleadh ghrianghraf ar fáil anseo.