16.05.2014 Tríú áit i sraith an FAI bainte amach ag foireann ó Ghaelscoil Longfoirt

An Foras Pátrúnachta / Nuacht ó Scoileanna / 16.05.2014 Tríú áit i sraith an FAI bainte amach ag foireann ó Ghaelscoil Longfoirt

Foireann sacair cropped

Tá an tríú háit i sraith an FAI bainte amach ag foireann sacair Ghaelscoil Longfoirt (faoi 9).

Bhí séasúr an-ghnóthach ag foireann sacair Ghaelscoil Longfoirt faoi 9 agus faoi 11.

Bhí go leor cluichí acu le cúpla mí anuas. Faoi stiúir an bhainisteora, Derek Swaris, d’imir na foirne i gcoinne clubanna áitiúla ar fad an chontae.

Tá éacht bainte amach ag na páistí agus tá ríméad orthu. Tá siad ag súil go mór leis an gcéad shéasúr eile cheana féin. Comhghairdeas leo!