Chuaigh Rang an Phiarsaigh go lár na cathrach i rith na seachtaine. Chonaiceadar an Dáil é féin, an Seanad, grianghraif de na Ceann Comhairlí agus na Taoisigh ar fad. D'fhoghlaim siad faoin mbealach a gcaitheann polaiteoirí a gcuid vótaí go leictreonach.
Tar éis na Dála chuadar go dtí Ard-Mhúsaem na hÉireann béal dorais. Chuadar go Raidión la Life freisin. Rinne roinnt daoine bréagagallaimh ar a chéile ag úsáid micreafóin agus cluaisín. Bhí lá den scoth acu.