14/06/16 – Acht um Nochtadh faoi Chosaint 2014

An Foras Pátrúnachta / Fógraí Tábhachtacha / 14/06/16 – Acht um Nochtadh faoi Chosaint 2014

Nóta ar an Acht um Nochtadh faoi Chosaint 2014

 

Cuireadh an nóta agus an doiciméad CCanna seo le chéile ar  mhaithe le faisnéis amháin. Ní chuireann sé aon dualgais dhlíthiúla i bhfeidhm, ná ní ráiteas údarásach ar an dlí atá ann, atá leagtha amach san Acht um Nochtadh faoi Chosaint 2014.

 

An tAcht um Nochtadh faoi Chosaint 2014

Is é is cuspóir leis an Acht um Nochtadh faoi Chosaint le go mbeidh oibrithe in ann nochtadh a dhéanamh maidir le héagóir le leas an phobail agus gan eagla orthu go ndéanfar díobháil díbh ina dhiaidh.

 

Forálann an tAcht gur féidir le fostaí nó iarfhostaí, má bhíonn a fhios aige/aici faoi éagóir, gur féidir leis sin a thuairisciú dá f(h)ostóir/ iarfhostóir, nó, i gcúinsí áirithe, in áit eile. Nuair a dhéantar éagóir a thuairisciú bíonn cosaintí áirithe ag an bhfostaí lena n-áirítear cosaint in aghaidh íosparta, agus in aghaidh an chuid is mó de nósanna imeachta sibhialta agus déantar a neamhaimníocht a chosaint ach amháin i gcásanna áirithe.

 

Éagóirí

Áirítear san Acht réimse leathan d’éagóirí lena n-áirítear cionta coiriúla, sárú ar dhualgais dhlíthiúla, bagairtí ar shláinte agus ar shábháilteacht nó an timpeallacht, iomraill cheartais, mí-úsáid airgid phoiblí agus/nó iarracht ar bith faisnéis a cheilt maidir le héagóirí den chineál sin. Moltar d’oibrithe sa reachtaíocht faisnéis a nochtadh lena bhfostóirí ar an gcéad dul síos. 

 

Cosaint don oibrí

Tá cosaintí reachtúla san Acht le haghaidh nochtóirí, lena n-áirítear cosc ar phionós a ghearradh ar oibrithe a thuairiscíonn éagóir ná iad a bhriseadh as fostaíocht. Is féidir cúiteamh a bhronnadh ar fhostaí a n-éiríonn leis/léi a léiriú gur gearradh pionós air/uirthi i ngeall ar nochtadh a dhéanamh. Is féidir le fostaí a mhaíonn gur briseadh iad mar gheall air seo faoiseamh a iarraidh ón gCúirt Chuarda, lena n-áirítear ath-insealbhú nó athfhostú go dtí go socrófar nó go réiteofar éileamh an fhostaí.   

 

Cosnófar nochtóirí ó dhliteanas sibhialta nó coiriúil a bheadh mar thoradh air agus bheadh ceart caingin tort aige sa chás ina ndéantar díobháil don nochtóir, nó do dhuine eile atá ceangailte leis/léi, toisc go bhfuil an nochtadh déanta aige/aici. Bainfidh an chosaint a thagann ón reachtaíocht le hoibrithe a nochtann faisnéis ábhartha arb í an “tuiscint réasúnta” atá acu a léiríonn “éagóir ábhartha”, dar leo. Is í an ghnáthchiall atá le “faisnéis” a nochtadh ná fíricí a chur in iúl, ar nós bheith ag maíomh gur tharla eachtraí áirithe. Tá sé seo difriúil ó líomhaint a dhéanamh bunaithe ar amhras nach bhfuil bunaithe ar rud ar bith follasach.

 

De réir an Achta ní mór don té a ndéantar an nochtadh dó gach céim réasúnta a ghlacadh gan céannacht an nochtóra a chur in iúl.  Ní dualgas críochnúil é seo, áfach, agus is féidir céannacht an té a chur in iúl i gcásanna áirithe.

 

Cad is brí leis seo?

De réir an Achta tá dualgas ar gach Cuideachta Phoiblí (scoileanna agus ETBanna) nósanna imeachta a bhunú agus a chaomhnú maidir le nochtadh faoi chosaint a dhéanamh ag oibrithe atá, nó a bhí, fostaithe ag an gCuideachta Phoiblí chun plé le nochtadh den chineál seo.  Beidh ar gach scoil agus ar gach ETB socruithe cuí a chur i bhfeidhm le nochtadh den chineál seo a fháil óna n-oibrithe.   

Tá Treoir dheiridh ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (DPER) le haghaidh cuideachtaí poiblí maidir lena gcuid feidhmeanna de réir an Achta um Nochtadh Faisnéise agus tá an doiciméad Treorach seo ar fáil ar a shuíomh gréasáin, tríd an nasc seo a leanas: www.per.gov.ie/en/protected-disclosures-act-2014 

Tá doiciméad cuimsitheach CCanna maidir leis an Acht ar fáil in Aguisín A.

Aguisín A: Ceisteanna Coitianta

 

Cad é “nochtadh faoi chosaint”?

Is éard atá i nochtadh faoi chosaint ná faisnéis a nochtadh a léiríonn, de réir tuiscint réasúnta an oibrí, go bhfuil éagóir nó níos mó ná éagóir ábhartha ann; éagóir a tháinig faoi bhráid an oibrí i dtaca le fostaíocht an oibrí de; agus a nochtar sa dóigh a sainítear de réir an Achta.

 

Ba chóir go mbeadh “faisnéis” i nochtadh faoi chosaint a léiríonn go bhfuil éagóir ann. Is í an ghnáthchiall atá le “faisnéis” a nochtadh ná fíricí a chur in iúl, ar nós bheith ag maíomh gur tharla eachtraí áirithe. Tá sé seo difriúil ó líomhaint a dhéanamh bunaithe ar amhras nach bhfuil bunaithe ar rud ar bith follasach.

 

Cad é faoi a bhfuil An tAcht um Nochtadh faoi Chosaint 2014?

Is é is cuspóir le hAcht 2014 ná oibrithe a chosaint ó phionós a bheith gearrtha orthu mar gheall ar nochtadh faoi chosaint a dhéanamh. Is é is cuspóir leis an Acht le go mbeidh oibrithe in ann nochtadh a dhéanamh maidir le héagóir le leas an phobail agus gan eagla orthu go ndéanfar díobháil díbh ina dhiaidh. Is é is mórchuspóir leis an Acht ná le nósmhaireacht na cuntasachta poiblí agus follasacht a chur chun cinn agus chun clú na hÉireann i leith na follasachta a fheabhsú ar bhonn idirnáisiúnta.

 

Forálann an tAcht gur féidir le fostaí nó iarfhostaí, má bhíonn a fhios aige/aici faoi éagóir, gur féidir leis sin a thuairisciú dá f(h)ostóir/ iarfhostóir, nó, i gcúinsí áirithe, in áit eile. Nuair a dhéantar éagóir a thuairisciú bíonn cosaintí áirithe ag an bhfostaí lena n-áirítear cosaint in aghaidh íosparta, agus in aghaidh an chuid is mó de nósanna imeachta sibhialta agus déantar a neamhaimníocht a chosaint ach amháin i gcásanna áirithe.

 

Cé atá faoi chosaint?

Déantar “oibrí” a chosaint de réir an Achta. Is éard atá in oibrí ná fostaí nó iarfhostaí nó duine ar bith eile atá ar conradh le hobair a dhéanamh a ndéanann an té a n-oibríonn sé/sí dóibh nó tríú páirtí “díobháil shubstaintiúil” díbh.

 

An gclúdaíonn na cosaintí nochtadh a dhéantar i ndiaidh an reachtaíocht a chur i bhfeidhm amháin?

D’fhéadfadh nochtadh a dhéantar roimh an dáta a gcuirtear an reachtaíocht i bhfeidhm a bheith ina nochtadh faoi chosaint ar foráil go mbíonn an t-oibrí thíos le díobháil nó le cúinsí diúltacha mar gheall ar an nochtadh a dhéanamh i ndiaidh don reachtaíocht bheith curtha i bhfeidhm.

 

Cad iad na héagóirí is féidir a nochtadh?

Tagraíonn an tAcht do “éagóirí ábhartha” lena n-áirítear:

  • Cionta coiriúla;
  • Teip gan dualgas dlíthiúil a chomhlíonadh;
  • Iomrall ceartais;
  • Sláinte nó sábháilteacht duine a chur i mbaol;
  • Damáiste don timpeallacht;
  • Mí-úsáid nó úsáid mhí-dhlíthiúil airgid phoiblí ná acmhainní poiblí;
  • Acht éagórach, leatromach, thar a bheith faillíoch nó thar a bheith míbhainistithe nó faillí ag cuideachta phoiblí; agus
  • Ceilt nó scrios faisnéis ina bhfuil fianaise i leith na gceisteanna thuas nó i leith na dochúlachta go dtarlódh na ceisteanna thuas.

 

 

Cad iad na sonraí ba chóir a bheith sa nochtadh?

Moltar gur chóir go mbeadh na sonraí seo a leanas, ar a laghad, i nochtadh ar bith:

 

  • Go bhfuil an nochtadh á dhéanamh de réir an Achta;
  • Ainm an nochtóra, post san eagraíocht, ionad oibre agus sonraí teagmhála rúnda;
  • An dáta ar tharla an éagóir líomhnaithe (más eol) nó an dáta ar cuireadh tús leis an éagóir líomhnaithe nó an dáta ar aithníodh í;
  • Cé acu atá an éagóir líomhnaithe ag dul ar aghaidh fós;
  • Cé acu ar nochtadh an éagóir líomhnaithe fós agus, má nochtadh, cé a nocht, cé leis agus cá huair agus cad é a rinneadh dá bharr;
  • Faisnéis ar bith a bhaineann leis an éagóir líomhnaithe (cad é atá ag tarlú/ a tharla agus cad é mar a tharla sé) agus faisnéis ar bith a thugann tacaíocht;
  • Ainm an duine/ na ndaoine a deirtear a bhfuil baint acu leis an éagóir líomhnaithe (má tá ainm ar eolas ag an oibrí agus má shíleann an t-oibrí gur gá an duine a ainmniú leis an éagóir a nochtadh); agus
  • Faisnéis ar bith eile atá ábhartha.

 

Cé leis ar féidir leis an oibrí éagóir líomhnaithe a chur in iúl?

Ar an gcéad dul síos, ba chóir don oibrí iarracht a dhéanamh an éagóir a thuairisciú lena f(h)ostóir.

 

Má chreideann an t-oibrí, áfach:

  • go mb’fhéidir go ngearrfaidh a f(h)ostaí pionós air/uirthi;
  • gur dócha go ndéanfar faisnéis a cheilt nó a scrios; nó
  • gur éagóir thromchúiseach í

 

is féidir leis an oibrí an nochtadh a dhéanamh le duine eile (féach an chéad fhreagra eile).

 

Cad iad na cásanna inar féidir le hoibrí nochtadh a dhéanamh le duine eile seachas a f(h)ostóir?

Má chreideann an t-oibrí go ngearrfaí pionós air/uirthi maidir leis an éagóir ábhartha nó go ndéanfaí an éagóir ábhartha a cheilt ná a scrios agus nochtadh inmheánach ann nó más éagóir thromchúiseach í an éagóir. I gcásanna mar seo:

 

  1. Má chreideann an t-oibrí go bhfuil an fhaisnéis a nochtar agus líomhaint ar bith atá ann fíor; agus
  2. Mura ndéantar an nochtadh ar mhaithe le leas pearsanta agus go bhfuil sé réasúnta an nochtadh a dhéanamh;

 

Is féidir le hoibrí nochtadh a dhéanamh le duine eile seachas a f(h)ostóir.

 

An bhfuil duine ar bith eile ar féidir le hoibrí faisnéis a nochtadh leis?

Leag An tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe síos daoine áirithe ar féidir faisnéis a nochtadh leo.  Áirítear leo siúd: 

 

  • an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta, 
  • an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil,
  • na Coimisinéirí Ioncaim,
  • an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 
  • an Stiúrthóir um  Fhorfheidhmiú Corparáideach,
  • an Coimisinéir Cosanta Sonraí, 
  • an tÚdarás Pinsean,
  • Cláraitheoir na gCuideachtaí, 
  • Cláraitheoir na gCara-Chumann,
  • an tÚdarás Iomaíochta, 
  • Painéal Táthcheangail na hÉireann,
  • an tÚdarás Maoirseachta um Iniúchóireacht agus Cuntasaíocht Éireann agus
  • Údaráis Áitiúla.

 

Baineann an t-ábhar is féidir a nochtadh leis na grúpaí seo, go príomha, lena bhfreagrachtaí feidhmiúla. Is féidir le fostaí grúpaí phoiblí faisnéis a nochtadh le hAire Rialtais a bhfuil an fhreagracht chuí feidhme air.

 

An féidir le hoibrí faisnéis a nochtadh leis na meáin?

Ní rud ar bith ann a chuireann cosc faisnéis a nochtadh leis na meáin ná le grúpa ar bith eile. Agus faisnéis á nochtadh leis na meáin, áfach, ní mór dó bheith réasúnta don oibrí, i ngach cúinse den chás, an fhaisnéis a nochtadh.

 

Agus réasúntacht a mheas áirítear leis seo a leanas an t-ábhar a chóir amharc air:

  • tromchúis an éagóra;
  • cé acu ar dócha go dtarlóidh an éagóir sa todhchaí nó nach dtarlóidh; agus
  • céannacht an té a nochtar an fhaisnéis dó.

 

Sa deireadh, ní féidir leas pearsanta a bhaint as an nochtadh.

 

An bhfuil dualgas ar an oibrí de réir an Achta éagóir a thuairisciú?

Níl, níl aon dualgas dlíthiúil a gcuirtear i bhfeidhm de réir an Achta chun éagóir ar bith a nochtadh. Ní mór d’oibrí, áfach, cloí le dualgais dhlíthiúla eile chun faisnéis a nochtadh, ar nós na ndualgas sin atá ann mar gheall ar dhlí coiriúil. Mar shampla, forálann alt 19 den Acht um Cheartas Coiriúil 2011 gur coir é don té nach dtugann faisnéis do na Gardaí agus fios aige/aici a chuideoidh leis an gcoimisiún cora áirithe a chosc nó a chinnteodh go gcúiseofaí daoine faoi leith maidir leis na cora sin (áirítear leis seo cora a bhaineann le gníomhaíochtaí airgeadais, dlí na gcuideachta, calaois, gadaíocht agus éilliú). Ní mór do dhaoine atá fostaithe ag grúpaí sainithe, ar nós institiúidí airgeadais, amhras ar bith maidir le cora sciúrtha airgid a thuairisciú leis  an Garda Síochána. Tá dualgas ar fhostaithe fosta de réir reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta easnaimh ar bith san ionad oibre nó maidir le trealamh a d’fhéadfadh a bheith contúirteach ó thaobh na sláinte agus na sábháilteachta de a thuairisciú.

 

An bhfuil cúiseanna an nochtóra ábhartha?

Chun nochtadh a dhéanamh is é an t-aon dualgas atá ar an oibrí ná go gcreideann sé/sí féin go bhfuil an fhaisnéis agus na líomhaintí “fíor ar an iomlán”.

 

Níl cúiseanna an nochtóra ábhartha cé acu atá nochtadh ina “nochtadh faoi chosaint”. Nuair a bhristear fostaí as obair, áfach, as siocair go ndearna sé nó sí nochtadh faoi chosaint tá a c(h)uid cúiseanna maidir leis an nochtadh ábhartha maidir le méid an chúitimh atá le fáil.

 

Cad é a tharlaíonn sa chúis ina mbíonn an nochtadh bréagach?

Fiú amháin sa chás nach mbíonn bonn ar bith leis an nochtadh, déanfar an t-oibrí a chosaint a fhad is gur chreid sé/sí féin go raibh an fhaisnéis a nochtadh nó an líomhaint a rinneadh fíor ar an iomlán.

 

Cad é a tharlaíonn má dhéanann nochtóir nochtadh gan ainm?

Tá oibrí a dhéanann nochtadh gan ainm faoi chosaint de réir an Achta.

 

An féidir le nochtóir fanacht gan ainm?

Déanann an tAcht iarracht céannacht an nochtóra a chosaint, ag díriú isteach ar shubstaint an nochta in áit céannacht an té a rinne an nochtadh. Dá bhrí sin, tá dualgas ar an té a ndéantar an nochtadh dó gach rud agus is féidir a dhéanamh gan céannacht an nochtóra a nochtadh. Ní bhíonn an dualgas sin i bhfeidhm nuair a chreidtear gur tharscaoil an nochtóir a neamhainmníocht nó nuair is gá céannacht an oibrí a nochtadh ar mhaithe le leas an phobail nó más riachtanas dlí é.

 

Cén chosaint atá ann dó dhuine atá ag déanamh nochtadh faoi chosaint?

Áirítear le cosaintí/cearta:

  • Cosc ar phionós a ghearradh ar oibrithe a dhéanann nochtadh faoi chosaint;
  • Díolúine ó gach caingean shibhialta (seachas clúmhilleadh) le haghaidh damáistí;
  • Ceart caigne in aghaidh duine ar bith a dhéanann díobháil (lena n-áirítear comhéigean, imeaglú, ciapadh, éagóir, míbhuntáiste, cóireáil chodarsna maidir le fostaíocht nó le fostaíocht a d’fhéadfadh bheith ann, gortú, damáiste nó caillteanas, nó bagairt nó díoltas ar dhuine as siocair go bhfuil nochtadh déanta ag an duine sin nó ag tríú páirtí);
  • I gcúiseamh ar choir mar gheall ar fhaisnéis a nochtadh go mídhleathach, is cosaint é a léiriú ag am an choir a cuireadh i leith, gur creideadh gur nochtadh faoi chosaint a bhí sa nochtadh;
  • Ceart cáilithe ar neamhaimníocht;
  • Tuairim i bhfách le nochtadh a bheith ina nochtadh faoi chosaint; agus
  • Teidlíocht ar chosaint fiú sa chás nuair nár tharla aon éagóir, a fhad is gur chreid an nochtóir go réasúnta gur tharla an éagóir.

 

Is féidir le fostaithe (seachas oibrithe lena n-áirítear oibrithe gníomhaireachtaí agus conraitheoirí neamhspleáchas) suas le cúig bliana de luach saothair má tharlaíonn dífhostú éagórach mar gheall ar nochtadh faoi chosaint a dhéanamh.

 

Ar a bharr sin, is féidir le fostaí a bhristear as a p(h)ost cur isteach ar “faoiseamh eatramhach” (le hurghaire, go bunúsach) ón gCúirt Chuarda agus is féidir go bhfaighidh sé/sí a p(h)ost ar ais má dhéantar iarratas leis an gCúirt Chuarda laistigh de 21 lá ó bhristear iad (tá sé de chumhacht ag an gCúirt an tréimhse seo a shíneadh).

 

An féidir le nochtóir bheith faoi dhliteanas i leith clúmhillte?

Má tá dualgas dlíthiúil, morálta nó sóisialta ar an nochtóir an fhaisnéis a chur in iúl agus go bhfuil an dualgas céanna ar an té ar nochtadh an fhaisnéis dó chun é a fháil, cinnfear go raibh an nochtadh déanta i gcás “pribhléid cháilithe” agus ar an dóigh seo bheadh cosaint aige ar mhaíomh ar bith le haghaidh clúmhillte. Caillfear an phribhléid, áfach, más féidir a chruthú gur go mailíseach a rinne an té an nochtadh. Ciallaíonn “mailís” nár chreid an té go hionraic go raibh an méid a rinneadh a nochtadh fíor, nó go raibh sé beag beann air.

                                  

Cad é is féidir le fostóir a dhéanamh chun é féin a chosaint?

  1. Má dhéanann fostaí líomhaintí nó má chuireann sé ábhar ar fáil a chuireann in iúl go bhfuil “éagóir” déanta ag duine san eagraíocht nó go bhfuil duine ar tí “éagóir” a dhéanamh ba chóir an cheist a ghlacadh i ndáiríre agus iniúchadh ceart a dhéanamh ann le go bhfeicfí an bhfuil aon substaint leis na líomhaintí.
  2. Ba chóir go raibh polasaí leagtha amach i dteanga atá soiléir faoin méid ba chóir d’oibrí a dhéanamh má bhíonn siad eolach ar éagóir ar bith.
  3. Ba chóir don fhostaí duine iontaofa a mholadh a dtiocfadh leis an bhfostaí labhairt leis faoi rún.

 

An bhfuil dualgas ar Chomhlachtaí Poiblí nósanna imeachta bheith acu chun nochtadh faoi chosaint a dhéanamh?

Tá dualgas ar gach comhlacht poiblí (lena n-áirítear scoileanna agus ETBanna) de réir an Achta nósanna imeachta a bhunú agus a chaomhnú d’fhostaithe atá, nó a bhí fostaithe ag an gcuideachta phoiblí, nochtadh a dhéanamh chun plé le nochtadh den chineál sin. Forálann an tAcht go gcaithfidh an chuideachta phoiblí faisnéis scríofa a chur ar fáil d’oibrithe maidir leis na nósanna imeachta.

 

Cár féidir liom tuilleadh faisnéise a fháil faoi na riachtanais a bhaineann leis an Acht um Nochtadh Faisnéise?

Tá Treoir dheiridh ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (DPER) le haghaidh cuideachtaí poiblí maidir lena gcuid feidhmeanna de réir an Achta um Nochtadh Faisnéise agus tá an doiciméad Treorach seo ar fáil ar a shuíomh gréasáin, tríd an nasc seo a leanas: www.per.gov.ie/en/protected-disclosures-act-2014