Ghlac breis agus 120 páirt rás 5km ar son Ghaelscoil Mhic Aodha, an Ghaelscoil nua i mBaile Chill Dara.
Bhí rás agus lá spraoi ar siúl ar an Domhnach 13 Aibreán 2014 chun airgead a bhailiú ar son na scoile.
Dúirt príomhoide na scoile, Norma Ní Chonchúir (thíos, ar dheis), go raibh lá den scoth ag gach duine a bhí páirteach.
“Míle buíochas as an dtacaíocht d’ár scoil,” a dúirt sí.
“Bhí an-lá go deo againn ag an lá spraoi freisin. Bhain na páistí an-taitneamh as. Rinne Coiste na dTuismitheoirí jab iontach!”
Tá Gaelscoil Mhic Aodha lonnaithe i bhfoirgneamh an choiste gairmoideachais i mBaile Chill Dara. Tá an scoil ar an bhfód le beagnach bliain anuas. D’oscail an scoil i mí Mheán Fómhair seo caite le 13 naíonáin bheaga.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoin scoil seo, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an scoil ar 045 535588 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig gaelscoilmhicaodha@gmail.com
Tá suíomh idirlín seolta ag an scoil anois chomh maith! Bhí an méid seo le rá ag Norma Ní Chonchúir faoi: “Táimid iontach sásta go bhfuil ár suíomh idirlín beo. Rinne cara na scoile, Alan Stafford, an dearadh go léir dúinn agus táimid fíor bhuíoch dó as a obair go léir. Táimid ag súl go mór le cur leis agus scéalta na scoile a chur suas go luath.”
Tabhair cuairt air: www.gaelscoilmhicaodha.com