12/05/15 Cuairt ón Uachtarán ar Ghaelscoil Chloch na gCoillte

An Foras Pátrúnachta / Nuacht ó Scoileanna / 12/05/15 Cuairt ón Uachtarán ar Ghaelscoil Chloch na gCoillte

Ghlac Uachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUigínn, le cuireadh ó Bhord Bainistíochta Ghaelscoil Chloch na gCoillte le freastal ar cheiliúradh 20 bliain na scoile. Beidh an lá speisialta ar siúl ar 11 Meatheamh, ach tá céiliúradh na scoile ar siúl ó mhí Mean Fómhair. D'oscail doras na scoile don chéad uair ar 1 Mean Fomhair 1994, agus ó thús na scoilbhliaina ta eachtraí éagsúla eagraithe taobh istigh den scoil leis na chéad 20 bliain den Ghaelscolaíocht i gCloch na gCoillte a cheiliúradh.

Beidh píosa ealaíne, a choimisiúnaíodh go speisialta don ócáid, á nochtadh ag an tUachtarán mar chuid dá chuairt. Chuir 15 ealaíontóir isteach ar an "Per Cent for Art Scheme". Bhí an bua ag píosa dealbhóireacht, déanta ag an ealaíontóir áitiúil Édaín Ní Dhomhnaill. Bíonn ceardlann idirghníomhach á rith aici i measc a hobair ealaíne. 

Tá an Bord Bainistíochta Cairde na Scoile, na páistí agus an foireann an-gnóthach agus iad ag réitiú don lá iontach seo. Lá bródúil i stair na scoile a beidh ann.