Tá go leor scoileanna faoin bhForas tar éis cur isteach ar an gconradh leictreachais a bhí ar fáil ón Aonad um Sholáthar do Scoileanna.
Níl ach 1/3 de na conarthaí sínithe faighte ar ais acu. Mar sin, beidh bord soláthair an leictreachais ag teacht i dteagmháil libh leis na conarthaí a lorg. Mura mbeidh an conradh faighte in am cuí, caillfidh an scoil amach ar an margadh speisialta a bhí ann.