10.06.14 Bernard Dunne le ceiliúradh le Gaelscoil na Giúise

An Foras Pátrúnachta / Nuacht ó Scoileanna / 10.06.14 Bernard Dunne le ceiliúradh le Gaelscoil na Giúise

Beidh an réalta dornálaíochta, Bernard Dunne, ina aoi speisialta ag Gaelscoil na Giúise ar an Aoine bheag seo d’Oscailt Oifigiúil na scoile.

Is Gaelscoil comhoideachasúil í Gaelscoil na Giúise a bhfuil sainspiorad ilchreidmheach aici. Ghlac Gaelscoil na Giúise lena céad rang de naíonáin bheaga i mí Mheán Fómhair 2013.

Thosaigh an An Foras Pátrúnachta ag déanamh feachtasaíochta d’oscailt Ghaelscoile i dTamhlacht i 2011. D’éirigh leis an bpátrún neart tacaíochta ó thuismitheoirí a fháil.

I mí an Mhárta 2012, d’fhógair an t-Aire Oideachais & Scileanna, Ruairí Quinn, go mbeadh An Foras Pátrúnachta ina phatrún ar an scoil. Tá Gaelscoil na Giúise ag feidhmiú le beagnach bliain anuas faoi stiúir an phríomhoide, Fionnuala Ní Riain. Tá an scoil ag dul ó neart go neart.

Gaelscoil na Giúise