Is cúis áthais don Fhoras i gcomhpháirtíocht le Gaelscoileanna Teo. Comhdháil CAER a reachtáil in Éirinn ar an 3/4 Márta.
Is comhdháil oideachais do mhionteangacha é CAER. Gheobhaidh daoine i láthair an deis ceisteanna a phlé le saineolaithe ar oideachas trí mhionteangacha ó réigiúin éagsúla mar aon le daoine ó gach cúlra gaelscolaíochta ar an oileán. Tá scoth na gcainteoirí againn don chomhdháil; An Dr Julia Barnes ó Ollscoil Mondragon i dTír na mBascach, An Dr Hywel Lewis ó Ollscoil na Breataine Bige, An Dr T.J. Ó Ceallaigh ó Ollscoil Luimnigh i measc go leor eile. Is deis ar leith é seo foghlaim faoi conas dul i ngleic le dúshlán bunaithe ar réiteach a d’oibrigh le mionteanga eile.
Bileog eolais faoi CAER & faoin gComhdháil ar fáil anseo.
Tá an fhoirm tinrimh le líonadh isteach ar fáil anseo, tá leagan leictreonach anseo
Tá an clár don dá lá ar fáil anseo.