Tá an comórtas ealaíne ar ais!
Tá an comórtas briste suas i 6 rannóg éagsúla (féach thíos). Bronnfar na duaiseanna ag comhdháil an Fhorais ar an 5 Márta 2016.
Rialacha:
1. Is féidir le daltaí ó bhunscoileanna agus ó mheánscoileanna atá faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta páirt a ghlacadh sa chomórtas seo.
2. Is é ‘Ó 1916 go 2016’ téama an chomórtais.
3. Bronnfar duais ar bheirt ó gach catagóir, duine sa chéad áit agus duine sa dara háit. Seo na catagóirí:
4. Glacfar le hiontrálacha ar pháipéar A4 nó A3.
5. Is féidir leis an iontráil a bheith tarraingthe nó péinteáilte. Is féidir úsáid a bhaint as pinn luaidhe, gualach, pinn nó dúch, marcóirí, criáin, pastail, uiscedhathanna, guais, aicriligh, olaí nó colláis.
6. Caithfidh múinteoirí cead a fháil ó thuismitheoirí sula gcuireann siad aon iontráil ar aghaidh don chatagóir ‘Páistí a bhfuil riachtanais speisialta acu’.
7. Ba cheart don scoil an pictiúr is fearr ó gach rannóg a roghnú agus a chur ar aghaidh chuig an bhForas Pátrúnachta.
8. Is é Dé hAoine 19ú Feabhra an sprioc d’iarratais. Ba cheart iarratais a chur sa phost chuig:
An Foras Pátrúnachta,
Bloc K3, Campus Gnó Mhaigh Nuad,
Maigh Nuad,
Co. Chill Dara.
9. Ba cheart do gach iontrálaí na sonraí seo a scríobh (i mbloclitreacha) ar chúl na hiontrála: Ainm, aois, dáta breithe, rang, ainm na scoile, catagóir.
10. Roghnóidh moltóirí atá roghnaithe ag an bhForas Pátrúnachta amháin na buaiteoirí.
11. Tá cead ag An Foras Pátrúnachta úsáid a bhaint as grianghraif de na buaiteoirí agus dá n-iontrálacha i bhfeachtais phoiblíochta.
12. Ní féidir leis ag an bhForas Pátrúnachta iontrálacha a chur ar ais chuig scoileanna.